Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

The Four-leaved Shamrock and other tales (ar athláimh)

Sinéad de Valera. Fallons, c.1964. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach agus é beagán caite ar na himill, stróicthe beagáinín in áiteanna. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Deoraidheacht (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Marc ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis.

Súil Timpeall (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1951. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus deannach ar an chlúdach, na cúinní beagáinín lúbtha. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Dánta 1966-1998 Michael Davitt (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht an-mhaith, nach mór nua.

Beatha Cholm Cille (ar athláimh)

Sleachta as Betha Colaim Chille a thiomsaigh Mánas Ó Dónaill sa bhliain 1532 A.D. Curtha in eagar ag Anraí Mac Giolla Chomhaill. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú agus nótaí an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Bloc téacs an-ghlan.

Bonn agus Forsgreamh na hÉireann (ar athláimh)

Clúdach crua. Eibhlín de Buitléir, M.A. ‘Structural Geography of Ireland’ arna aistriú go Gaedhilge ag Micheál Breathnach, M.A. 1930. Muinntir C.S. Ó Fallamhain. Riocht maith. Clúdach crua beagáinín caite, cleag ar bharr ar an droim.

Seo Apartheid – Trácht agus Pictiúir (ar athláimh)

An Coiste idirnáisiúnta le haghaidh cosanta agus cabhrach do dheisceart na hAfraice. Clúdach bog. Clúdach beagainín caite, riocht maith san iomlán.

Fiontán Ó Leathlobhair. [1962] (ar athláimh)

Tomás Ó Néill. Cló Morainn, 1962. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus cúinní brúite. Spotaí ar an taobh. Píosa scríbhneoireachta ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

The Honest Ulsterman Number 64 (ar athláimh)

The War Years in Ulster 1939-45. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe. Roinnt smál ar an chlúdach.

Léachtaí Uí Chadhain 1 (1980-1988) (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta 1989. Riocht an-mhaith.

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Preab san Aer (ar athláimh)

An Gúm/RTÉ, 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach, poll sa droim. Bloc téacs an-ghlan.

Ceathrar Cliste (ar athláimh)

Lughaidh Mac Feorais (Caoimhín Ó Nualláin). Oifig an tSoláthair. An Chéad Chló, 1954. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach, spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Oireachtas na Gaeilge 1897-1997 (ar athláimh)

Proinsias Mac Aonghusa. Conradh na Gaeilge, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Listen and Learn the Welsh Language – For Use with Special Gramophone Records (ar athláimh)

Leabhar. Níl na vínil leis. An dara eagrán. Clúdach bog, dath an chlúdaigh ídithe. Nótaí scríofa isteach le peann gorm agus dubh in áiteanna (chun tosaigh, den chuid is mó).

Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge? (ar athláimh)

Muiris Ó Laoire. An Clóchomhar Tta, 1999. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an bhforchlúdach.

Trasládáil (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoir. Lagan Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, atá lúbtha beagáinín. Bloc téacs an-ghlan.

Saontacht an Athar De Brún (ar athláimh)

The Innocence of Father Browne. G.K. Chesterton. Seán Ó Liatháin a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1937. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Smál ar an gclúdach. Ruachan ar an imeall agus ar na leathanaigh. Cóip léitheoireachta.

Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (ar athláimh)

Comhrac na nGael agus na Gall le Chéile. Réamonn Ó Muirí. Éigse Oirialla a d’fhoilsigh, 1994. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Forchlúdach brúite beagáinín ar barr.

Línte Liombó [1980, gan fhorchlúdach] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Smál ar an chlúdach, na cúinní beagáinín brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil