Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Dublin Historical Record March 1938 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht cuibheasach caite. Bloc téacs nach mór éalaithe ón chlúdach. Smál ar an chlúdach chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Seán Ó Ruadháin – Saol agus Saothar (ar athláimh)

Leabhair Thaighde. An 68ú hImleabhar. Máirtín Mac Niocláis. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló 1991. Clúdach crua le forchlúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídithe.

An Aifric Theas (ar athláimh)

Éamonn Mac Giolla Iasachta. Oifig an tSoláthair. An Chéad chló, 1947. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus smál air. Na cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh agus imeall na leathanach.

An Tíogar Daonna (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1966. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh.

Trialacha Gaeilge (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach beagáinín caite, smál agus dorchú air. Scríbhneoireacht taobh istigh.

Oghma 6 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1994. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Bookbinding for Librarians (ar athláimh)

Eric A. Clough. Association of Assistant Librarians, 1957. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. I riocht maith. Smál ar an gclúdach. Cóip iar-leabharlainne. Stampaí úsáidte ar an leathanach teidil.

Ó Mórna agus Dánta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Cló Mórainn, 1957. Clúdach bog, riocht maith. Na himill beagáinín caite agus smál ar an chlúdach. Na leathanaigh i riocht an-mhaith.

The Second Book of Irish Ghost Stories (ar athláimh)

Patrick Byrne. Mercier Press, 1971. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach, cúpla smál air chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Oghma 2 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1990. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Changing Faces (ar athláimh)

J. Nolan. St. Vincent’s Tontine & Burial Society, Dundrum, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus roic air. Smál ar an chlúdach agus píosa peannaireachta air. Bloc téacs an-ghlan.

Seacht mBua an Éirí Amach (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Sáirséal agus Dill. An Chéad Cló, 1967. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Caite/dath ídithe ar an imeall agus smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

History of the Name – O’Kelly (ar athláimh)

J.D. Williams. Mercier Press, 1977. Clúdach bog. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Gleann an Leasa (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló, 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, i riocht maith. Ruachan ar imill na leathanach agus in áiteanna laistigh den gclúdach. Smál beag ar dhá leathanach, an bloc téacs an-ghlan ar fad. Síniú an iar-úinéara laistigh.

The Ó Cléirigh Family of Tír Conaill. (ar athláimh)

With the Ó Cléirigh Genealogies. Paul Walsh. 1938. Clúdach bog a théann níos faide ná an bloc téacs. Smál dí dearg ar an gclúdach tosaigh agus cúil. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, bloc téacs an-ghlan.

Letters from the Great Blasket (ar athláimh)

Eibhlís Ní Shúilleabháin. Mercier Press. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smáil ar chúl.

Scéal na hÉireann don Aos Óg – Cuid a Dó (ar athláimh)

Clúdach crua. An tAthair Pádraig Ua Duinnín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara leis.

Irish Without Worry – for use in Schools, Colleges and Language Classes (bog) (ar athláimh)

Clúdach bog. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh, e.g. lch 18 agus 19. I riocht maith.

The Sea and the Easter Rising (ar athláimh)

John de Courcy Ireland. Maritime Institute of Ireland, 1996. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Clúdach rocach agus smál ar chúl.

An Uain Bheo [1968] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil