Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Téid Focal le Gaoith (ar athláimh)

Proinsias Mac an Bheatha. Foilseacháin Náisúnta Teoranta. An Chéad Chló, Eagrán an Chlub Leabhar 1967. Riocht maith. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach caite agus an dath ídithe, smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, dath an chlúdaigh ídithe agus nóta scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Táblaí matamaitice / Mathematics Tables (ar athláimh)

Gan dáta. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, breacphictiúr ar an gclúdach cúil.

Idir shúgradh agus dáiríre (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Athchló agus gluais, 1947. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Clúdach caite, droim caite.

The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála Vol. III [1957] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis a bhfuil smál beag air agus é caite ar an imeall. Riocht an-mhaith.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim. An Chéad Cló, 1993. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh agus imill na leathanaigh.

The Creation of the Dáil (ar athláimh)

A Volume of Essays from the Thomas Davis Lectures. Curtha in eagar ag Brian Farrell. Blackwater Press/RTÉ, 1994. Clúdach bog, riocht maith. Marcanna ar an taobh agus an chlúdach.

Tarngaireacht Mhiseoige [1958] (ar athláimh)

An chéad chló, 1958. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite ar an imeall, an clúdach crua agus an bloc téacs i tiocht an-mhaith. Dornán nótaí scríofa isteach le peann go fánach.

The Placenames of Co. Wicklow VI – The Barony of Shillelagh (ar athláimh)

Liam Price. Dublin Institute for Advanced Studies. 2000. Leabhrán, riocht maith. Doirteadh rud éigin ar an gclúdach tosaigh.

Cois Máighe na gCaor (ar athláimh)

Mainchín Seoighe. FNT, 1965. Clúdach crua, forchlúdach leis. Fórchlúdach caite. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh. 203 lch.

Muskerry (ar athláimh)

Robert Welch. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Iníon Rí Dhún Sobhairce (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Gunna Cam agus Slabhra Óir (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Dráma Véarsaíochta Thrí Ghníomh. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál agus roic ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Ór Spáinneach (ar athláimh)

Spanish Gold. Clúdach crua gan fhorclúdach. George A. Birmingham. Pádraic Óg Ó Conaire a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938.

Dánta Meán-teastais 1964-1965 (ar athláimh)

Leabhar bog, meirg ar na stáplaí, clúdaithe le páipéar donn. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh.

The Irish Language in Northern Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Aodán Mac Póilín. Iontaobhas Ultach, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Fhiannuidheacht (ar athláimh)

Cormac Ó Cadhlaigh, 1938. Oifig an tSoláthair, 527 lth. Crua, le clúdach páipéair air.

Saoghal Corrach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht sách maith. Máire. An Press Náisiúnta. Spotaí beaga ar an imeall. Formhór na leathanach an-glan, cuid bheag chun tosaigh sa chéad daichead leathanach ar a bhfuil líne curtha faoi chuid de na focail le peann luaidhe. Dhá fhocal ar leathanach 3 a bhfuil líne curtha fúthu le peann gorm, ansin…

Trasládáil (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoir. Lagan Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, atá lúbtha beagáinín. Bloc téacs an-ghlan.

Bealach Mhic Ghrianna (ar athláimh)

Treoir don leabhar ‘Mo Bhealach Féin’ le Seosamh Mac Grianna. Oilibhéar Ó Croiligh. Oideas Mercier, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

For-oideas Aigne-eolais don Aos Léighinn [1932] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. M. H. Gill agus a Mhac.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil