Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Bean Aonair agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Pádraic Breathnach. Clódhanna Teo. An Chéad chló, 1974. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan seachas nótaí i bpeann luaidhe ar roinnt leathanaigh.

Imtheachta an Oireachtais 1900 – Leabhar II – Trí Sgéalta do fuair an chéad duais (ar athláimh)

Leabhrán, foilsithe i 1907. Meirg ar na stáplaí. An cúigiú cló, an Craoibhín Aoibhinn do chuir i n-eagar. Smál ar na leathanaigh.

Drivers’ Standing Orders (Revised 1973) (ar athláimh)

1973. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagán caite, roinnt smál air. Na leathanaigh gearrtha beagán ar barr, ach iad an-ghlan.

Scéal an Oireachtais 1897 – 1924 (ar athláimh)

Donncha Ó Súilleabháin. An Clóchomhar Tta., 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus an taobh.

Ireland and Early Europe (ar athláimh)

Essays and Occasional Writings on Art and Culture. Liam de Paor. Four Courts Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach

Trompa na Flaitheas (ar athláimh)

Crua, 1955. Cecile O’Rahilly, Dublin Institute for Advanced Studies. 426 lth. Riocht an-mhaith. Dath ídithe ón droim agus dorchú ar na leathanaigh cheangail.

In Ireland Long ago (ar athláimh)

Kevin Danaher. Mercier Press. 1964. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Roic ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan

Cuairt Ghearr – Spléachadh ar na Stáit Aontaithe (ar athláimh)

Ristéard Ó Glaisne. Clódhanna Tta., An Chéad Chló 1975. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Ruachan agus dorchú ar an leathanach ceangal agus ar an gclúdach féin. Síniú an iar-úinéara laistigh.

The Formation of the Irish Economy (ar athláimh)

The Thomas Davis Lectures. Curtha in eagar ag L.M. Cullen. The Mercier Press, 1976. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

An Ghaoth Aniar (ar athláimh)

Tomás Ó Máille. Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1930. Clúdach bog, le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Smál ar an bhforchlúdach, agus ainm an iar-úinéara scríofa air. Nótaí scríofa ar roinnt leathanaigh agus dorchú ar na leathanaigh.

Sgothbhualadh (ar athláimh)

Leabhar crua, i riocht maith. Líne faoi chuid de na línte, déanta le peann luaidhe. Na leathanaigh an-ghlan seachas sin (féach pictiúir). Clúdaithe le páipéar donn. Stróiceadh don pháipéar donn ar cúl. 182 leathanach.

Man Bites Dog 4 (ar athláimh)

Donal Foley. The Irish Times. 1975. Clúdach bog, ríocht maith. Smál ar an chlúdach. Dath an druime agus an chlúdach ídithe. Bloc téacs an-ghlan. Imeall beaganín caite

Ag Siúl na Teorann (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Roc ar an droim agus smál ar an chlúdach.

Dúmhál [crua, 1968] (ar athláimh)

133 leathanach. Leabhar crua, smál ar an gclúdach ag teacht isteach ón imeall. Clúdach breise plaisteach air, ach níl sin go hiomlán greamaithe ina áit níos mó.

Nua Aois 1984 (ar athláimh)

Caoimhín Breatnach a chuir in eagar. An Cumann Liteartha, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Clúdach bog. Smál ar an chlúdach, dath ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Eolaí an Phoist / Post Office Guide 1969 (ar athláimh)

Clúdach bog, smál beag air agus dath an chlúdaigh ídithe. Smál ar an imeall.

Progressive Studies in Irish Books I-IV (aon leabhar amháin) (ar athláimh)

D.G. Craig and Co., 1919. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach leochaileach ar barr agus bun, smál air agus dorchú air. Fuáil an droma le feiceáil. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Lux Aeterna [1964] (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Allen Figgis agus a Chuid, Teor., 1964. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Smál beag ar an chlúdach. Forchlúdach brúite in áiteanna, stróicthe beagáinín. Na leathanaigh an-ghlan.

An tAmhrán Macarónach (ar athláimh)

Diarmaid Ó Muirithe. An Clóchomhar Tta, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus roic ar an droim. Spotaí ar an taobh.

W. E. H. Lecky – Historian and Politician 1838-1903 (ar athláimh)

Donal McCartney. The Lilliput Press, 1994. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil