Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Ár gCúrsaí Féin (ar athláimh)

Nioclás Tóibín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla marc ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh ach na leathanaigh an-ghlan.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, an chéad chló 1993. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc ar an taobh.

The Sea and the Easter Rising (ar athláimh)

John de Courcy Ireland. Maritime Institute of Ireland, 1996. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Clúdach rocach agus smál ar chúl.

The Real Chief – Liam Lynch (ar athláimh)

Meda Ryan. Mercier Press, 2005. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Safari (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Keeping Us in the Dark (ar athláimh)

Censorship and Freedom of Information in Ireland. Brendan Ryan. Gill & Macmillan, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Focklioar Giare Gaelg-Baarle: (ar athláimh)

A Short Dictionary of Manx Gaelic. William Wood. Alex MacLaren & Sons, 1950. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál ar an gclúdach.

Farraigí Corracha (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis agus leath-fhorchlúdach breise sa mhullach air sin. Smál ar na forchlúdaigh. An leabhar féin agus an clúdach crua i riocht an-mhaith. FNT, 1971. Liam Mac Reachtain. Karl Uhlemann a rinne na léaráidí.

Pádraic Ó Conaire (ar athláimh)

Clúdach crua, an-caite. Stróicthe ar an droim. An chéad chló 1947, Á. Ní Chnáimhín a scríobh. An téacs saor ó mharcanna, an clúdach i ndroch-chaoi.

Republican Congress 1934 (ar athláimh)

George Gilmore. Dochas Co-Op Society Ltd. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú air.

Cois Siúire (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló, 1982. Clúdach bog i riocht maith. Ruachan ar an taobh amuigh agus an taobh istigh den gclúdach ach saor ó smál seachas sin. Cúpla marc in áiteanna. Síniú an iar-úinéara laistigh

An tSraith Tógtha (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1977. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Pádraig Mac Piarais [1938] (ar athláimh)

Séamas Ó Searcaigh a scríobh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chlo 1938. Clúdach crua i riocht maith, le forchlúdach atá caite. Stróiceanna agus smál ar bhforchlúdach, a bhfuil portráid den Phiarsach air. An leabhar féin i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh, smál in áiteanna. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Bianconi – King of the Irish Roads (ar athláimh)

M. O’C Bianconi agus S.J. Watson. Allen Figgis, 1962. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite, dath ídithe agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith.

Songs of a Sourdough (ar athláimh)

Robert W Service. The Ryerson Press, 1926. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Imeall an chlúdaigh caite agus an dath ídithe, smáil air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh agus ruachan ar na leathanaigh. Smáil ar an taobh.

An Ghaeilge an Ghaeltacht agus 1992 (ar athláimh)

Gearóid Denvir. Glór na nGael, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe. Marcanna beaga ar an chlúdach.

Dánta céadbhliana Meán-Teastais (ar athláimh)

Leabhar bog, i riocht an-mhaith. Meirg an-bheag ar na stáplaí. Clúdach páipéir timpeall air.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain, Oifig an tSoláthair, gan dáta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Scríbhneoireacht ar chúl an leabhar. Bloc téacs glan.

An Léann Eaglasta in Éirinn 1200-1900 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Máirtín Mac Conmara. An Clóchomhar Tta., 1988. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar chúl agus ar an droim. Leabhar crua i riocht an-mhaith. Cúpla spota beag ar an imeall ar barr.

De Valera I (ar athláimh)

Tomás Ó Néill, Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite. Dath ídithe ar an leabhar crua, cúpla spota ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil