Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

For A Celtic Future – A Tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League, gan dáta. Clúdach bog i riocht maith. Smál agus dath ídithe ar an gclúdach, agus an droim rocach.

Selections from Keating’s ‘Three Shafts of Death’ (ar athláimh)

Edited with notes and vocabulary by F. W. O’Connell. Maunsel & Co. 1910. Clúdach bog, riocht maith, dornán beag nótaí ar chúpla leathanach.

Conspiracy – Ulster plots and plotters in 1615 (ar athláimh)

Raymond Gillespie. Queen’s University Belfast, 1987. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Irish Review – December 1913 (ar athláimh)

A Monthly Magazine of Irish Literature, Art & Science. The Irish Review Publishing Company. Clúdach bog, riocht caite. Imeall an chlúdaigh caite, smáil agus dorchú ar an chlúdach chomh maith. Droim leochaileach taobh istigh, ag éalú ar chúl. Ruachan agus dorchú ar na leathanaigh.

Cré na Cille [2007] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 2007. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an bhforchlúdach.

The Resurrection of Hungary (ar athláimh)

A parallel for Ireland. Arthur Griffith. Whelan and Son. 3ú Eagrán. Clúdach crua. Riocht maith. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe.

Gairdín Pharthais agus dánta eile (ar athláimh)

Áine Ní Ghlinn. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air, na cúinní lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

War by the Irish (ar athláimh)

John McCann. The Kerryman Ltd. Céad eagrán, 1946. Clúdach crua, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, leathanach ceangail rocach, dorchú ar an imeall.

Dialann Oilithrigh – Dírbheathaisnéis nó cuntas an Fhile air Féin [crua, 1953] (ar athláimh)

Leabhar crua, forchlúdach leis agus é caite go leor agus stróicthe in áiteanna. Donchadh Ó Céileachair a scríobh, líníocht le Domhnall Ó Murchadha. Sáirséal agus Dill. Ruachan beag air, spotaí ar imeall na leathanach. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á…

What did I die of? (ar athláimh)

The Deaths of Parnell, Wilde, Synge and other Literary Pathologies. J.B. Lyons. The Lilliput Press, 1991. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. 233 lch

Preab san Aer (ar athláimh)

An Gúm/RTÉ, 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach, poll sa droim. Bloc téacs an-ghlan.

Oghma 5 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1993. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Iascaire Inse Tuile (ar athláimh)

Leagan Gaedhilge le ‘Máire’ an Pêcheur d’Islande. Oifig an tSoláthair, an chéad chló, 1952. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. An dath ídithe ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh. Téacs sa tSeanchló.

The Developing World Geography Two – A New Man (ar athláimh)

S. Crawford. Longman, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhar Sheáin Uí Thuama (ar athláimh)

Louis de Paor. Coiscéim, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Athchnuasach dánta le Seán Ó Tuama.

An Cúigiú Soiscéal (ar athláimh)

Cothraí Gógan, 2000. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

In Time of War (ar athláimh)

Ireland, Ulster and the price of neutrality 1939-45. Robert Fisk. André Deutsch Limited, 1983. Clúdach crua le fórclúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídíthe. 565 lch.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

Plain and Ornamental Lettering (ar athláimh)

Blackie & Son LTD, London and Glasgow. Leabhrán peannaireachta a léiríonn clófhoirne difriúla agus a fhágann spás le hiad a chleachtadh. Ruachan ar chuid de na leathanaigh. Gan dáta.

Dánta Meán Teistinméireachta 1964-65 (ar athláimh)

M. Ó hAnnracháin. Ó Fallúin, 1964. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, cúpla roc air agus cúinní lúbtha. Cúpla spota ar imeall roinnt leathanaigh, ach bloc téacs an-ghlan go ginearálta.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil