Ceangailte

€7.50
Is gonta agus is líofa é an file Rody Gorman in éineacht. Gonta ina chuid friotail, agus líofa ina bhfuil le rá. Ba dhual riamh dó go rachadh i mbun an haikiú, go mbeadh sé haikiúáilte go héag. Ach in ainneoin a chuid gontachtachta ní féidir é a léamh go mear. Gníomh fada foighne is ea gach dán aige, bíodh siad simplí nó níos simplí fós. Gaeil is ea Basho agus Buson agus Hisajo agus Issa agus mórán eile ar ghile shneachtúil na leathanach seo. Is tú a bhraitheann glan tar éis duit iad a léamh. - Alan Titley.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.2KGs
  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Rody Gorman
  • ISBN 10: 6660012110278
  • ISBN 13: