Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

The Spiritual Rose – Prayers and Meditations in Irish (ar athláimh)

Malachy McKenna. DIAS 2001. Clúdach crua, riocht an-mhaith, sínithe ag an eagarthóir.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, 1976. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an bhforchlúdach plaisteach agus spotaí ar an taobh. AInm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Simple Lessons in Irish Cuid a Dó (ar athláimh)

Eugene O’Growney. Cuid 2, Gaelic League Series, 1929. Simple Lessons in Irish Giving the Pronunciation of Each Word. Leabhrán bog i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-ghlan.

Emmet (ar athláimh)

Leon Ó Broin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1954. Clúdach bog le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Droim stróicthe ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Ár ré Dhearóil agus dánta eile [1962] (ar athláimh)

Clúdach crua, le forchlúdach. An chéad chló. Smál ar an bhforchlúdach. Sínithe ag duine a thug mar bhronntanas é. Riocht an-mhaith.

Iomramh Aigne (ar athláimh)

Gearóid Denvir. An Clóchomhar 1976. An chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht maith. An forchlúdach píosa beag caite.

Scríobh 3 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Wordshop (ar athláimh)

D.U. Writers’ Workshop. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Graiméar na Gaeidhilge Léis na Bráithreachaibh Críostamhla (ar athláimh)

M.H. Gill & Son. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, cúinní lúbtha. Dorchú ar an taobh.

Sgéal “Seandúin” (ar athláimh)

Na Fíníní i gCorcaigh. Brún agus Ó Nualáin Teor., 1920. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní/imill caite. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. FNT, 1970. Sínithe ag an iar-úinéir taobh istigh. FNT, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagánín caite

Ceart na Sua [1964] (ar athláimh)

Liam Ó Catháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Cúpla smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Buntús Cainte – First Steps in Spoken Irish – Céim a hAon [céad eagrán] (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht an-mhaith, na léaráidí mar ba cheart iad a bheith an chéad lá – soiléir, glan. Clúdaithe le páipéar donn.

Sean-Eoin (gan fhorchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, ganfhorchlúdach. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Smál ar an gclúdach.

An Dórd Féinne agus Dánta Eile (ar athláimh)

Cúpla aistriúchán scríofa istigh le peann agus tá na leathanaigh lag le smál an ama. Ainneoin clúdach cosanta bheith timpeall ar an leabhar, tá an fíorchlúdach lag agus ag fulaingt ó dhamáiste na gréine. Réamhrá le hÉamon de Valera.

Éireannaigh san Eolaíocht (ar athláimh)

Séamus Mac Cnáimhín. Clúdach crua, forchlúdach leis agus smál air. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Ainm an iar-úinéara air. Oifig an tSoláthair 1966.

Ó Kingstown go Dún Laoghaire (ar athláimh)

Dónal Ó Súilleabháin. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1976. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Forchlúdach stróicthe beagáinín ar barr agus ar bun, smál air. An leabhar féin laistigh i riocht an-mhaith. Ceartúchán déanta ag an iar-úinéar ar leathanach nó dhó. Síniú an iar-úinéara laistigh. Gearrthóga a bhaineann le Dún Laoghaire laistigh.

Triúr don Chómhargadh (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill 1968. Clúdach bog. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Balbh go Mailíseach (ar athláimh)

Alec Bán Mac Conaill. Coiscéim, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, smál ar chúl.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil