Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muskerry (ar athláimh)

Robert Welch. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Cruithneacht agus Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach. Nótaí/línte scríofa taobh istigh i bpeann dearg agus peann luaidhe.

Dún Laoghaire agus Ceanntair Mágcuairt (ar athláimh)

Clúdach bog, 1936. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe, nóta amháin scríofa ar cúl le peann.

Grian na gCnoc (ar athláimh)

Séamas Ó Céileachair. Oifig an tSoláthair, 1968. Riocht maith. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Gunna Cam agus Slabhra Óir (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Dráma Véarsaíochta Thrí Ghníomh. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál agus roic ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Sínithe. Leabhar bog, riocht maith. Cúpla marc air.

The Resurrection of Hungary (ar athláimh)

A parallel for Ireland. Arthur Griffith. Whelan and Son. 3ú Eagrán. Clúdach crua. Riocht maith. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe.

Téid Focal le Gaoith (ar athláimh)

Proinsias Mac an Bheatha. Foilseacháin Náisúnta Teoranta. An Chéad Chló, Eagrán an Chlub Leabhar 1967. Riocht maith. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach caite agus an dath ídithe, smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, dath an chlúdaigh ídithe agus nóta scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Roparz Hemon (ar athláimh)

Kunioù & Hengoun lennegel ar Brezhoneg. Cuimhní cinn agus traidisiún liteartha na Briotáinise. Clúdach bog, i riocht maith. Síniú an iar-úinéara laistigh. Greamán ar cúl.

Prose Writings (ar athláimh)

William Rooney (Fear na Muinntire). M.H. Gill & Son, Ltd. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Imeall beagáinín caite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Peann agus Dúch – Leabhar Ceapadóireachta Cuid a II (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Teoranta. 64lth. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Ruachan ar na leathanaigh.

Stair an Bhíobla – Uáitéar Ua Ceallaigh Imleabhar III (Sean-Tiomna II) (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair, 1942. Máire Ní Mhuirgheasa do chuir i neagar. Smál beag ar an gclúdach, clúdach crua, riocht maith san iomlán.

Irish Minstrelsy (ar athláimh)

Being a selection of Irish songs, lyrics, and ballds; original and translated. Edited, with notes and introduction, by H. Halliday Sparling. Walter Scott, 1887. Clúdach leathair, riocht caite. Bloc téacs éalaithe ón gclúdach. Clúdach caite, droim nach mór imithe. Smáil air agus dath ídithe in áiteanna. Dorchú agus smáil ar na leathanaigh cheangail. Píosa ruachana…

Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Has Ireland a Future? (ar athláimh)

Peadar Kirby. The Mercier Press, 1988. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

Martin McGuinness – From Guns to Government (ar athláimh)

Liam Clarke agus Kathryn Johnston. Mainstream Publishing, 2003. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Aoibhinn an Galar (ar athláimh)

Conleth Ellis. Coiscéim, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus smál ar an taobh.

Bligeard Sráide (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 1983. Líníocht le Michael Mulcahy. Clúdach bog, riocht maith, smál beag ar an gclúdach.

Cogadh na Saorsa – Solus Lathail (ar athláimh)

An Ceathramh Earrann. Samuel Bagster & Sons, Ltd., 1943. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh. Gaeilge na hAlban/Gàidhlig.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil