Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Idir shúgradh agus dáiríre (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Athchló agus gluais, 1947. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Clúdach caite, droim caite.

An Léirmheastóir (ar athláimh)

Críostóir Ó Raghallaigh, 1932. Brian agus Ó Nualláin, 22 lth. Crua, riocht maith go leor

Scian – Rogha Dánta (ar athláimh)

Tomás Mac Síomóin. Sáirséal Ó Marcaigh, an chéad chló, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Téarmaí Tráchtála (ar athláimh)

Smál ar an gclúdach, agus é caite ar an imeall. Meirg bheag ar na stáplaí. Fochoiste den Choiste Stiúrtha Téarmaíochta a shocraigh na Téarmaí Tráchtála seo. Cé gur Téarmaí Tráchtála an teideal baineann na téarmaí sa chnuasach le réimse leathan ábhar: Cuntasaíocht, Baincéireacht, Eacnamaíocht, Eagrú Gnó, etc.

The Four-leaved Shamrock and other tales (ar athláimh)

Sinéad de Valera. Fallons, c.1964. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach agus é beagán caite ar na himill, stróicthe beagáinín in áiteanna. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Irish Camera (ar athláimh)

George Morrison. Réamhrá le Harold Clarke. Pan Books, 1979. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe in áiteanna ar an chlúdach, smál ar chúl. Spotaí ar an taobh.

Iomramh Ghlómair (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin do scríobh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1952. Clúdach crua gan fhorchludach, i riocht maith. Smál ar an gclúdach ar cúl. Dorchú ar na leathanaigh laistigh. Sa tSeanchló.

Cruithneacht is Ceannabháin (ar athláimh)

Clúdach crua, Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach leath-teidil. Riocht maith. Nótai ar chuid de na leathanaigh, scríofa le peann luaidhe.

Eireaball Spideoige [1952] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1952. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Riocht maith go leor. Cúpla marc ar an chlúdach, spotaí ar an taobh. An imeall beagáinín caite. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Triúr don Chómhargadh (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill 1968. Clúdach bog. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Trí Rainn agus Amhrán (ar athláimh)

Cathair Ó Dochartaigh, Colm Ó Baoill. Lagan Press, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

For A Celtic Future – A Tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League, gan dáta. Clúdach bog i riocht maith. Smál agus dath ídithe ar an gclúdach, agus an droim rocach.

The Grand Canal of Ireland (ar athláimh)

Ruth Delany. The Lilliput Press, 1995. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an chlúdach, beagáinín caite ar an imeall.

An Cómhargadh (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Gnéithe & Ceisteanna, Paimfléad 2. Pobal Teoranta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach,

Idir croí is anam (De toute son âme) (ar athláimh)

Pádraig Ua Buachalla a d’aistrigh. René Bazin. An chéad chló 1957. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith.

Ó Chamhaoir go Clap-Sholas (ar athláimh)

Tráchtais, Caidearnacha agus Ráidhseaftaí le Seaghán Mhac Meanman. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1940. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. An dath ídithe ar an gclúdach, smál go forleathan ann, go háirithe ar chúl agus ar an droim. Poll beag bídeach sa droim, atá fós ceangailte go láidir leis an leabhar féin. Dorchú agus…

Tart na Córa (ar athláimh)

Séamas Ó Conghaile – a shaol agus a shaothar. Proinsias Mac an Bheatha. Foillseacháin Náisiúnta Teo. An Chéad Cló. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín caite, smál beag air. Dorchú ar na leathanaigh. Spotaí ar an taobh.

An leaba a d’imigh HÚIS agus a Chaill Féasóg (ar athláimh)

Clúdach crua. Níl forchlúdach leis. An-smál ar an gclúdach. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965.

Conspiracy – Ulster plots and plotters in 1615 (ar athláimh)

Raymond Gillespie. Queen’s University Belfast, 1987. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Iomrall (ar athláimh)

Iarla Mac Aodha Bhuí. Coiscéim, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil