Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Baisteadh Gintlí (ar athláimh)

Biddy Jenkinson. Coiscéim, An Chéad Chló 1986. Clúdach bog, i riocht maith. Smál ar an gclúdach. Nóta scríofa i bpeann luaidhe ar leathanach amháin. An chéad chnuasach filíochta le Biddy Jenkinson.

Dánta 1939-1979 (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., 1980. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht cuibheasach maith. Forchlúdach caite, smál air & dath ídithe. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, bloc téacs an-ghlan.

Jewels (ar athláimh)

Robert Perrin. Routledge & Kegan Paul, 1977. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe agus cúpla smál beag ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, bloc téacs an-ghlan.

The Revenge (ar athláimh)

Alfred Lord Tennyson. The Marble Hill Press, 1966. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe agus cúpla smál beag air. Cúinní beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Parliamentary Politics in the Eighteenth Century – Volume I 1714-1730 (ar athláimh)

Robert E. Burns. The Catholic University of America Press. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. 1989.

Pádraig Mac Piarais agus Éire lena linn (ar athláimh)

Séamas Ó Buachalla. Mercier, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smáil agus ruachan ar an chlúdach, na cúinní beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Seán T. II (ar athláimh)

Scéal a bheatha ó 1916 go 1923 inste ag Seán T. Ó Ceallaigh in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn. 1972. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach beagáinín caite.

Sgéal na h-Éireann (ar athláimh)

I gCóir Páistí Scoile. Pronnsias Ó Súilleabháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann Teor. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach agus stampa air chomh maith. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-Aghaidh Árd-Rang na mBun-sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál agus scríbhneoireacht air. Meirg ar na stáplaí.

Roger Casement [1974] (ar athláimh)

Brian Inglis. Coronet Books, 1974. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

The Resurrection of Hungary (ar athláimh)

A parallel for Ireland. Arthur Griffith. Whelan and Son. 3ú Eagrán. Clúdach crua. Riocht maith. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe.

The Honest Ulsterman Number 64 (ar athláimh)

The War Years in Ulster 1939-45. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe. Roinnt smál ar an chlúdach.

An Ridire Dubh (ar athláimh)

Cosslett Ó Cuinn a chuir Gaeilge ar Peores que Lobos, a scríobh Frederico Mediante Noceda. Coiscéim, An Chéad Chló, 1993. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Cúpla spota bána ar an gclúdach, ar a bhfuil an cúinne íochtarach brúite. Imeall íochtarach brúite beagáinín. Smál agus an dath ídithe ar imeall na leathanach.

The Irish Language – An Ghaeilge (ar athláimh)

David Greene, Dáithí Ó hUaithne. The Cultural Relations Committee. Athchló 1972. Riocht measartha.

Scéalta ón mBíobla (dara heagrán) – Botún clódóireachta (ar athláimh)

Smál an ama timpeall air, clúdaithe agus cosanta ag plaisteach. Leathanaigh in easnamh agus leathanaigh eile ann faoi dhó / leathanaigh idir 12 agus 19 imithe, agus ansin dúbailt ar chuid de na leathanaigh eile (tosaíonn scéal Rút faoi dhó). Marcanna in áiteanna le peann luaidhe.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Maolfabhail. Clúach crua. Smál beag air. 1964. Preas Dhún Dealgan. An bloc téacs an-glan.

Is é an Cárta an Comhartha (ar athláimh)

Cúrsaí polaitíochta na hÉireann i gcártaí poist. Deaglán Ó Máirtín. Coiscéim, 2008. Clúdach bog, riocht iontach.

Seanmóirí Muighe Nuadhad – Imleabhar a Dó (ar athláimh)

tógtha as na láimhscríbhinnibh i Leabharlann Mhór an Choláisde – iar n-a n-aithscríobhadh agus a gcur i n-eagar ag na macaibh-léighinn do Chonnradh Chuilm Naomhtha. M. H. Gill agus a Mhac, 1907.

Cisteog (ar athláimh)

Liam Ó Donnabháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog. Clúdach lúbtha agus smál air. Dorchú ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Ireland and the First World War [bog, 1986] (ar athláimh)

Trinity History Workshop, 1986. Riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil