Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Dánta Meán Teistinméireachta 1964-65 (ar athláimh)

M. Ó hAnnracháin. Ó Fallúin, 1964. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, cúpla roc air agus cúinní lúbtha. Cúpla spota ar imeall roinnt leathanaigh, ach bloc téacs an-ghlan go ginearálta.

Téarmaí Tráchtála [1935] (ar athláimh)

Clúdach bog. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach teidil. Dath an chlúdaigh ídithe, na leathanaigh an-glan. Meirg ar na stáplaí.

The Day Michael Collins Was Shot (ar athláimh)

Meda Ryan. Poolbeg, 1994. Riocht an-mhaith.

Megalithic Art in Ireland (ar athláimh)

Dr Muiris O’Sullivan. Country House, 1993. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Leathanaigh an-ghlan.

Basic Irish for Shopping / BunGhaeilge don Siopa (ar athláimh)

Leabhrán stór focal, riocht an-mhaith, cúpla cóip againn. D’fhéadfadh smál a bheith ar na stáplaí/ar an gclúdach.

Is é an Cárta an Comhartha (ar athláimh)

Cúrsaí polaitíochta na hÉireann i gcártaí poist. Deaglán Ó Máirtín. Coiscéim, 2008. Clúdach bog, riocht iontach.

Bruighean Feille (ar athláimh)

Niall Ó Domhnaill. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1934. Leabhar crua le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. An forchlúdach caite agus breacphictiúir air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

The Irish Economy – A New Strategy for Development (ar athláimh)

Radical Economists Group. Pamphlet No.1. July, 1976. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh.

Go mBeannuightear Dhuit – i. eachtra thar eachtraibh (ar athláimh)

Clúdach crua, ceangail ag streachailt i ndiaidh an leathanach teidil agus an-tirim. Dath dorcha ar chiumhais na leathanach. Nótaí istigh.

The Stalker Affair – The Shocking True Story of a Notorious Cover-Up in Northern Ireland (ar athláimh)

John Stalker. Penguin Books, 1989. Riocht maith. Dath ídithe in áiteanna agus dorchú ar an imeall.

Ór Spáinneach (ar athláimh)

Spanish Gold. Clúdach crua gan fhorclúdach. George A. Birmingham. Pádraic Óg Ó Conaire a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938.

Miserere (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis; dath dorcha ar imeall an chlúdaigh agus ar an droim. Pláta an iar-úinéara leis, inscríbhinn le duine eile fós. Cuid den línéadach ag éalú ón bhfúáil. Georges Rouault, Pádraig de Brún, Máire Mhac an tSaoi. Gill agus Macmillan a d’fhoilsigh. Cuireadh 900 i gcló, 825 acu sin a cuireadh ar…

Ó Gheamhar go Cruithneacht (ar athláimh)

An tSiúr Áine Ní Chumhaill. Beatha Mhaighréad Aighleart. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 1990. Clúdach bog, i riocht maith. Cúinní brúite, dorchú ar na leathanaigh, agus ruachan ar na leathanaigh cheangail.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1940. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá caite ar an imeall agus ar bhun an droma. Smál dúigh ar chúl. Ainm na hiar-úinéaraí taobh isitgh, agus scríobhneoireacht ar roinnt leathanaigh. Ruachan ar roinnt leathanaigh chomh maith.

Lámhleabhar Bia agus Dí (ar athláimh)

A Simple Guide to the Use of the Irish in the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1999. Riocht an-mhaith.

Bibeanna – Memories from a Corner of Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Brenda Ní Shuilleabháin, Mercier Press. 2007. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Feis (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1991. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dath an bhforchlúdaigh ídithe ar barr agus ar an droim. Smál air agus stróicthe píosa ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Maolfabhail. Clúach crua. Smál beag air. 1964. Preas Dhún Dealgan. An bloc téacs an-glan.

Drivers’ Standing Orders (Revised 1973) (ar athláimh)

1973. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagán caite, roinnt smál air. Na leathanaigh gearrtha beagán ar barr, ach iad an-ghlan.

The Irish Leprechaun Book

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil