Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Sínithe. Leabhar bog, riocht maith. Cúpla marc air.

Caoineadh na Mná agus Duanta Eile (ar athláimh)

Séamus Ó hAodha. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1939. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an droim, smál ar an chlúdach. Dorchú & spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Tús agus Fás Óglaigh na hÉireann (ar athláimh)

An Chornail Muiris Ó Mordha, Liam Ó Rinn a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtas, 1936. Riocht maith go leor. Clúdach crua, smál air. Dorchú ar imeall na leathanaigh. Roinnt nótaí scríofa taobh istigh i bpeann luaidhe. Smál ar na leathanaigh cheangail agus ar cúpla leathanach chomh maith.

Féile Zozimus – Volume 3 (ar athláimh)

Two Dubliners – Seán O’Casey, Donn S. Piatt. Gael-Linn 1994. Clúdach bog, riocht iontach.

Colonial Ireland – 1169-1369 (ar athláimh)

Helicon History of Ireland. Robin Frame. Helicon Ltd., 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Ghrian agus An Ghealach (ar athláimh)

Tús na Suime 9. C. S. Ó Fallúin, Teo., 1971. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál air agus ar na leathanaigh, spotaí ar cuid dóibh chomh maith. Dath ídithe.

An tIomaire Rua (ar athláimh)

Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. An tOllamh Tomás Ó Máille. An Gúm, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

In Ireland Long ago (ar athláimh)

Kevin Danaher. Mercier Press. 1964. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Roic ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan

Translittérature – Hiver 2013 (ar athláimh)

Côte à côte: Les métamorphoses de Kafka. Ils traduisent, ils écrivent: Entretien avec Diane Meur. Geimhreadh 2013, Uimh. 44. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

An Galar Dubhach (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál beaga air. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

The Irish Mind – Exploring Intellectual Traditions (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Richard Kearney. Wolfhound Press, 1985. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach. Clúdach bog.

Poetry Ireland Review Issue Number 39 (ar athláimh)

Special Issue: Contemporary Poetry in Irish. Curtha in eagar ag Seán Ó Cearnaigh. Fómhair 1993. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an chlúdach.

I bPrionta I Leabhar – Na Protasúin agus Prós na Gaeilge 1567-1724 (ar athláimh)

Leabhar Thaighde, an 51ú hImleabhar. Nicholas Williams. An Clóchomhar Tta., 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

An Dá Fhórsa (ar athláimh)

Tomás Ó Muircheartaigh. Conradh na Gaeilge, 1956. P:eabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall, meirg ar an stápla.

An tAmhrán Macarónach (ar athláimh)

Diarmaid Ó Muirithe. An Clóchomhar Tta, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus roic ar an droim. Spotaí ar an taobh.

Ian Paisley & Tuaisceart Éireann (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Cló Morainn, 1971. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Droim ag éalú, smál ar an chlúdach, ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Eamon de Valera (ar athláimh)

The Earl of Longford & Thomas P. O’Neill. Gill and Macmillan, second impression 1970. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Clúdach plaisteach breise ar an bhforchlúdach. Smál ar an bhforchlúdach, beagáinín caite in áiteanna. Smál ar an taobh agus na leathanaigh cheangail. Stampaí iar-leabharlainne air. Bloc téacs an-ghlan.

Rí na nUile (ar athláimh)

Liricí diaga a cumadh idir an 9ú agus an 12ú céad. Curtha in eagar ag Seán S. Ó Conghaile, leagan Nua-Ghaeilge cumtha ag Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1966. Clúdach leathchrua, i riocht maith. Ruachan beag in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Seacht mbuaidh an Eirghe-Amach (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta. Gan dáta. Clúdach bog le smáil. Riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an droim. Spotaí ar an taobh. Smáil uisce ar na cúinní, bloc téacs glan.

Eireaball Spideoige [1979] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1979. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil