Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Kilcullen (ar athláimh)

Enda Pádraig O’Coineen. Clúdach bog. Mercier Press. 1978. Riocht an-mhaith.

Stair na hEorpa II (ar athláimh)

Seán A. Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, 1969. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, dorchú air in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Iris Teoin 1952 Wolfe Tone Annual (ar athláimh)

Brian O’Higgins, 1952. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú ar an chlúdach agus smál/spotaí air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Meirg ar na stáplaí.

Éigse: A Journal of Irish Studies Volume VIII Part III (ar athláimh)

Volume VIII: Part III. Curtha in eagar ag Gerard Murphy. Geimhreadh 1956 (1957). National University of Ireland. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Corpeolaíocht agus Sláinteachas [1974] (ar athláimh)

An tSr. Gabriel Le Muire. Sáirséal agus Dill, 1974. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus taobh. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus dath an droma ídithe. An taobh dorcha. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Agricultural Production: The Historical Background (ar athláimh)

Raymond D. Crotty. University of Chicago, 1975. Leabhrán bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

Poll an Píobaire (ar athláimh)

Pádraig Mac Piarais. Conradh na Gaeilge, 1933. Leabhrán bog, riocht maith. Scríbhneoireacht agus smál ar an chlúdach. Scríbhneoireacht taobh istigh chomh maith.

An Dord Féinne agus Dánta Eile (ar athláimh)

Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Ruachan beag air. Cluaisíní beaga cait ann. Meirg ar na stáplaí. Nótaí ann scríofa le peann luaidhe.

Seandaoine (ar athláimh)

Conchubhar Ó Ruairc. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach. Smál ar an bhforchlúdach, cúinní fíorbheagáinín caite. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Na leathanaigh an-ghlan.

Dánta 1966-1998 Michael Davitt (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht an-mhaith, nach mór nua.

Pádhraic Mháire Bhán nó An Gol agus an Gáire (ar athláimh)

Seán Ó Ruadháin. An Gúm, 1938. Clúdach bog, i riocht maith. Smál agus ruachan an-bheag ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Beatha Cholm Cille (ar athláimh)

Sleachta as Betha Colaim Chille a thiomsaigh Mánas Ó Dónaill sa bhliain 1532 A.D. Curtha in eagar ag Anraí Mac Giolla Chomhaill. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú agus nótaí an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Bloc téacs an-ghlan.

The Placenames of Co. Wicklow VI – The Barony of Shillelagh (ar athláimh)

Liam Price. Dublin Institute for Advanced Studies. 2000. Leabhrán, riocht maith. Doirteadh rud éigin ar an gclúdach tosaigh.

Scéal na hÉireann don Aos Óg – Cuid a Dó (ar athláimh)

Clúdach crua. An tAthair Pádraig Ua Duinnín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara leis.

Ceo Meala Lá Seaca (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, an chéad cló 1952. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus caite beagáinín sna cúinní. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh chomh maith agus ruachan ar na leathanaigh cheangail.

The Life and Death of Lord Edward Fitzgerald (ar athláimh)

Thomas Moore. R. & T. Washbourne, Ltd. Clúdach bog, riocht caite. Droim imithe, fuáil le feiceáil. Clúdach nach mór éalaithe. Smál ar an chlúdach, dath ídithe chomh maith.

The Irish Language in Northern Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Aodán Mac Póilín. Iontaobhas Ultach, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Gleann an Chuain (ar athláimh)

Colm Ó hIarnáin. Clódhanna Teoranta, 1978. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil