Súil le Breith

€9.00
Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló tar éis 15 bliana.

Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny.

I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.2KGs
  • Fhoilsitheoir: Leabhar Breac
  • Udar: Pádraig Standún
  • ISBN 10: 9780898332704
  • ISBN 13: