Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Iomramh Aigne (ar athláimh)

Gearóid Denvir. An Clóchomhar 1976. An chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht maith. An forchlúdach píosa beag caite.

Emmet (ar athláimh)

Leon Ó Broin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1954. Clúdach bog le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Droim stróicthe ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Máire Nic Artáin [1959] (ar athláimh)

Le Séamus Ó Néill. Cló Morainn, An Chéad Chló Nollaig, 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Tír na nIongantas [glan] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Powell Press, gan dáta. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, roinnt smáil beaga air. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Sean and Sheela [1937] (ar athláimh)

Ex libris, Melrose Public Library, stampaí air. Smál ar chuid de na leathanaigh. Léaráidí lándaite. Marian King. Ealaín le Emma Brock. Foilsithe ag Junior Press Books, Albert Whitman and Co, Chicago, 1937.

Éireannaigh san Eolaíocht (ar athláimh)

Séamus Mac Cnáimhín. Clúdach crua, forchlúdach leis agus smál air. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Ainm an iar-úinéara air. Oifig an tSoláthair 1966.

Triúr don Chómhargadh (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill 1968. Clúdach bog. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Claíomh an Díoltais (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. S. P. Ó Colmáin a rinne an líníocht. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1961. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. Smál beag in áiteanna ar an gclúdach. Smál agus ruachan bheag ar an leathanach ceangal, ruachan ar imeall na leathanach.

Laochra Luimnigh (ar athláimh)

Uí Dhálaigh Luimnigh agus Éirí Amach na Cásca 1916. Nóra de hÓir. Cló Saoirse, 2001. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

On the Art of Writing (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Coach ‘Q’. Guild Books, 1950. Clúdach bog, smál ar an chlúdach. Riocht maith.

Irish Education – A History of Education Institutions (ar athláimh)

Norman Atkinson. Allen Figgis Dublin, 1969. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach stróicthe agus dath ídithe. Leabhar crua i riocht maith, na cuinní beagáinín lúbtha. Téacs bloc i riocht an-mhaith.

Icarus – Trinity Term 1984 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara ar an chlúdach.

Focklioar Giare Gaelg-Baarle: (ar athláimh)

A Short Dictionary of Manx Gaelic. William Wood. Alex MacLaren & Sons, 1950. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál ar an gclúdach.

Amhráiníní Do’n Aos Óg Gléasta i gCóir Piano ag Carl Hardebeck (ar athláimh)

Nursery Rhymes (Arranged for Voice and Piano) by Carl Hardebeck. Scoil Charthardha an Cheoil, Corcaigh. Municipal School of Music, Cork. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, agus é caite. Na leathanaigh féin glan.

Díosbóireacht ar an gConnradh Idir Éire agus Sasana (ar athláimh)

Tuairisg Oifigiúil. Do signigheadh i Lundain ar an 6adh Lá de Mhí na Nodlag, 1921. Official Report – Debate on the Treaty Between Great Britain and Ireland, Signed in London on the 6th December, 1921. The Stationery Office. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, roinnt marcanna beaga air. Cúinní beagáinín caite.…

Cruithneacht agus Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua, riocht maith. An chaibidil dheireanach sa chló rómhánach, c.1950idí.

Pádhraic Mháire Bháin nó An Gol agus an Gáire (ar athláimh)

Clúdach crua. Smál áirithe ar an gclúdach tosaigh. Dath ídithe ar an droim. Spotaí in áiteanna, páipéar eile bán greamaithe de in áiteanna (na spotaí bána). Ainm agus stampa iar-úinéara ar an leathanach ceangail. An ceathramhadh cur-amach.

Old Kilkenny Review 2008 (ar athláimh)

Journal of the Kilkenny Archaeological Society, no.60. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach. Barr an droma caite.

Strafford in Ireland 1633-41 (ar athláimh)

A Study in Absolutism. Hugh Kearney. Cambridge University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil