Titeann Rudaí as a Chéile

€12.00
Gaiscíoch mór le rá is ea Okonkwo, agus a cháil in airde ar na fir is cumhachtaí agus is saibhre ina threabhchas. Is duine ceanndána lasánta é, áfach, agus is minic a theipeann air srian a chur leis an fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht an fhir ghil ar thraidisiúin an treabhchais, gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Tordh trgóideach atá i ndán dó, áfach.

Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlasaicí litríocht an domhain ó foilsíodh in 1958 é. Tá sé aistrithe chuig breis is leathcéad teangacha agus breis is deich milliún cóip de díolta. Agus é ag cur síos go grinn báúil ar chinniúint pobail amháin san Afraic, baineann léiriú Chinua Achebe le cinniúint an duine ar fad i saol ár linne.

Tá 'Titeann Rudaí as a Chéile' aistrithe go cumasach anseo ag Irene Duffy Lynch. Tá an saibhreas céanna le brath a bhrí ar a haistriúchán ar úrscéal John McGahern 'Idir Mhná' agus tarraingíonn sí ar na blianta a chaith sí féin ina cónaí sa Nigéir. Cuireann a réamhrá an t-úrscéal i láthair, agus tá léargas breise ar an údar le fáil in agallamh a chur sí féin ar Achebe. Cuidíonn gluais leis an léitheoir blaiseadh de chultúr na nÍogbóch atá de dhlúth agus d'inneach an scéil.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.6KGs
  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Chinua Achebe, Irene Duffy Lynch
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: