Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Bruighean Feille (ar athláimh)

Niall Ó Domhnaill. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1934. Leabhar crua le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. An forchlúdach caite agus breacphictiúir air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

Glór ár nGaolta (ar athláimh)

Rogha Scéalta na Linne Seo ón mBreatnais. Aistrithe ag Diarmuid Ó Laoghaire, S.J. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The End of Irish Catholicism? (ar athláimh)

D. Vincent Twomey. Veritas, 2003. Clúdach bog, riocht maith.

Cogadh na Saorsa – Solus Lathail (ar athláimh)

An Ceathramh Earrann. Samuel Bagster & Sons, Ltd., 1943. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh. Gaeilge na hAlban/Gàidhlig.

Lá an Phaoraigh (ar athláimh)

Seán Óg de Paor, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2007. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Doing Irish Local History (ar athláimh)

Pursuit and Practice. Curtha in eagar ag Raymond Gillespie agus Myrtle Hill. The Institute of Irish Studies, Queen’s University Belfast, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar chúl.

Ireland, Irishmen and Revolutionary America 1760-1820 (ar athláimh)

David Noel Doyle. The Mercier Press, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma agus clúdach ídithe. Roinnt smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Pobail an Stáit agus an Ghaeilge 1920-39 (ar athláimh)

Seán Breandán Ó hUallacháin. Coiscéim, 2010. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Marc beag ar an taobh.

Eriugenia – An Introduction (ar athláimh)

Original Writing, 2015. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Ór na h-Aitinne (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. An Chéad Cló, 1949. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir. Riocht maith go leor. Forchlúdach caite agus smál air. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Mé Féin is m’Asal (ar athláimh)

Le Robert Louis Stevenson. Seán Ó Ruadháin do chuir Gaedhilg air. Muinntir Chathaill, Teo., 1937. Dorchú ar na leathanaigh. Ruachan ar imeall na leathanach agus ar an leatheanach teidil agus leath-teidil. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Supplement to Irish Families (ar athláimh)

Part I: Names not Deal with in Irish Families or More Irish Families Part II: Additional information on names which appear in the first two volumes Clúdach crua, forchlúdach leis, é sin beagáinín caite agus smál dorcha air. Smál beag taobh istigh de sin ar an gclúdach crua. Riocht maith ar an iomlán.

Téarmaí Ríomhaireachta – Computer Terms (ar athláimh)

An Gúm, 1990. Clúdach bog, riocut maith. Bun agus barr an droma beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

The Emergency – Neutral Ireland 1939-45 (ar athláimh)

Bernard Share. Gill and Macmillan, 1978. Clúdach crua, riocht maith go leor. Dath an droma/chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Dráma trí mhír. Críostóír Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1974. Clúdach crua, i riocht maith. Na leathanaigh an-ghlan.

Seantéada ar Crith (ar athláimh)

Máirtín Ó Corrbuí. Clúdach crua, gan forchlúdach. Clódhanna Teoranta, 1965. Riocht an-mhaith.

The Journal of Cross Border Studies in Ireland (ar athláimh)

with information about the Centre for Cross Border Studies (including 2012 annual report). No.8, Spring 2013. Curtha in eagar ag Andy Pollack. Clúdach bog, riocht iontach. Bun an droma beagáinín caite.

Súil Timpeall (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill. An chéad chló, 1951. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Dorchú ar na leathanaigh ach iad glan.

Ireland Observed. A guide to the buildings and antiquities of Ireland [crua, 1970] (ar athláimh)

Clúdach crua. Forchlúdach leis. Dath an chlúdaigh ídithe, dath na gréine ar an droim. Maurice Craig and the Knight of Glin. 118lth. Ruachan beag ar an imeall agus ar na leathanaigh cheangal. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh…

Ceacht an Éin (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirtín Ó Direáin. Smál ar an bhforchlúdach, an clúdach crua agus an bloc téacs i riocht maith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil