Ingne Dearga Dheaideo

€12.00
Cnuasach gearrscéalta ó Phádraic Breathnach, údar a bhfuil cáil an stílí air, agus údar a léiríonn bá ar leith leis an dúlra agus leis an óige ina chuid scríbhneoireachta. Bronnadh an phríomhdhuais do chnuasach gearrscéalta ar an saothar seo i gcomórtas litríochta an Oireachtais 2003.

Tá éagsúlacht ábhar in Ingne Dearga Dheaideo, mar is dual do chnuasaigh ón údar céanna. Sa chéad scéal, Anam Mná, caoineann máthair bás a céadghin, agus is maith mar a chuireann an t-údar síos ar an mbriseadh croí agus ar an díchreideamh a ghoilleann uirthi. Déanann Iníon cur síos ar oíche fhada a chaitheann athair ag fanacht go bhfillfidh a iníon óg ón dioscó. Beirt chailleach a speireann a chéile le clocha i gcath fíochmhar i Manhattan atá faoi chaibidil i M'Uncail Máirtín agus Cailleacha Mheiriceá. Ar na téamaí a chíortar sa chnuasach seo tá an chumha, an aois, an choimhlint shíoraí idir an sean agus an nua, agus an saol mar a fheictear don pháiste é.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.2KGs
  • Fhoilsitheoir: Cló Iar-Chonnachta
  • Udar: Pádraic Breathnach
  • ISBN 10: 0
  • ISBN 13: 0


 

Cheannaigh custaiméir a cheannaigh seo na rudaí seo chomh maith...