Scéalta Staire

€39.60
Beart de 8 leabhair Beathaisnéise don aoisghrúpa 10-14 bliana.

1. Naomh Pádraig

Liam Mac Uistín

Míle sé chéad bliain ó shin tugadh buachaill óg go hÉirinn mar sclábhaí. Chaith sé blianta fada uaigneacha ag tabhairt aire do mhuca is do chaoirigh ar Shliabh Mis. Ansin d’éalaigh sé, agus é de rún aige na Gaeil a thabhairt chun na Críostaíochta. Patricius a bhí ar an mbuachaill sin, nó Naomh Pádraig.

Insint úrnua ar bheatha Naomh Pádraig atá sa leabhar seo, agus í maisithe go gleoite ag an ealaíontóir, Fran O'Boyle.

2. Fiacha mac Aodha Ó Broin

Vivian Uíbh Eachach

Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach agus ar an laoch Laighneach, Fiacha Mac Aodha Ó Broin. Sheas sé an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael.

Tá maisiúchán gleoite déanta ar an leabhar seo ag an ealaíontóir Jonathan Barry.

3. Seán Ó Néill

Darach Ó Scolaí

Duine d'uaisle Thír Eoghain a a mhair sa 16ú haois ba ea Seán Ó Néill. Thug sé aghaidh ar Shasanaigh, ar Albanaigh, agus ar a mhuintir féin. Bhain sé Tír Eoghain amach leis an lámh láidir agus rinne sé páirc chatha de Chúige Uladh. Tugann a scéal léargas dúinn ar thaoisigh agus ar stair na nGael sa 16ú hAois.

4. Tadhg Dall Ó hUiginn

Darach Ó Scolaí

Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn ar dhuine d’fhilí móra na nGael. Bhain sé le teaghlach filí cáiliúil ó thuaisceart Chonnacht. Trína chuid filíochta chuir sé aithne ar thaoisigh mhóra a linne — Ó Néill, Ó Dónaill, Ó Conchúir Shligigh, agus Búrcaigh Chonnacht. Sa leabhar seo cuireann muid eolas ar shaol na bhfilí, mar a chuaigh siad ar scoil, mar a chum siad a gcuid dánta, agus mar a chaith siad cuid mhór den bhliain ar thithe agus ar chaisleáin na dtaoiseach. Faighimid léargas freisin sa leabhar seo ar thuaisceart Chonnacht agus ar stair na nGael sa 16ú hAois.

5. Gráinne Mhaol Ní Mháille

Darach Ó Scolaí

Tá Gráinne Mhaol ar dhuine de na mná is clúití i stair na nGael. Mairnéalach cróga a bhí inti, máthair, agus bean taoisigh, de shliocht uasal Uí Mháille. Óna caisleán ar oileán Chliara thug sí dúshlán na bhfear ar muir agus ar tír. Tá leargas sa leabhar seo, ní hamháin ar an saol in iarthar na hÉireann sa 16ú haois, ach ar bhean a thug aghaidh go dána ar an saol agus a bhain a cuid féin amach.

6. Mánas Ó Dónaill

Darach Ó Scolaí

Taoiseach, saighdiúir, file, agus prionsa Gaelach ar an nós Eorpach ba ea Mánas Ó Dónaill. Bhí gean aige ar fhilí agus ar fhilíocht, agus chuir sé féin an leabhar 'Beatha Cholmcille' á scríobh. Tugann a scéal léargas dúinn ar Thír Chonaill agus ar stair na nGael sa 16ú haois.

7. Toirealach Ó Cearúlláin

Liam Mac Cóil

Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana. Bhí an cláirseoir dall, Toirealach Ó Cearúlláin, ar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí ba mhó in Éirinn riamh. Tá a chuid ceoil chomh mór i mbéal an phobaill inniu is a bhí ariamh. Tugann a scéal léargas dúinn ar stair, ar chultúr, agus ar cheol na nGael. Tugann sé léargas dúinn freisin ar dhuine a thug aghaidh ar a mhíchumas agus ar an saol.

8. Somhairle Mór

Vivian Uíbh Eachach

Ba é Somhairle Mór an chéad rí Gaelach ar Inse Gall. Bhunaigh sé ríocht Gaelach ar chósta na hAlban, agus sna hoileáin idir Alba agus Éirinn. Is uaidh a tháinig cuid mhór de theaghlaigh mhóra Ghaelacha na hAlban. Tugann an leabhar seo léargas dúinn ar stair na nGael in Éirinn agus in Albain in aimsir na Lochlannach. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Fran O'Boyle.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 1KGs
  • Fhoilsitheoir: Leabhar Breac
  • Udar:
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: