Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Handbuch Des Alt-Irischen – Grammatik, Texte und Wörterbuch (ar athláimh)

An-chuid nótaí istigh ann le peann luaidhe glas, gorm agus dearg. An droim stróicthe. Smál ar an gclúdach agus codanna de ag titim de. Heidelberg 1909. Stampaí iarhleabharlainne air.

Ireland and Early Europe (ar athláimh)

Essays and Occasional Writings on Art and Culture. Liam de Paor. Four Courts Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach

Scríobh 2 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Poll an Píobaire (ar athláimh)

Pádraig Mac Piarais. Conradh na Gaeilge, 1933. Leabhrán bog, riocht maith. Scríbhneoireacht agus smál ar an chlúdach. Scríbhneoireacht taobh istigh chomh maith.

The English Face of Irish Nationalism (ar athláimh)

Parnellite Involvement in British Politics, 1880-86. Alan O’Day. Gill & Macmillan, 1977. Leabhar crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforchlúdach agus é stróicthe beagáinín, spotaí air. Leabhar crua féin i riocht maith.

Dómhnall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAth. Antoine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair. An Chéad Cló, 1949. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath an droma ídithe. Cúinní caite, dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh.

School Climate Improvement – A Challenge to the School Administrator (ar athláimh)

Phi Delta Kappa. CFK Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach lúbtha, deannach agus smál air. Dath ídithe ar an imeall chomh maith. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Gleann an Chuain (ar athláimh)

Colm Ó hIarnáin. Clódhanna Teoranta, 1978. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach.

An Danar – Dráma Trí Mír (ar athláimh)

Piaras Béaslaí do cheap. Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1929. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. An forchlúdach caite beagáinín, stróicthe in áiteanna, le smál air. Dath an chlúdaigh ídithe. Dorchú agus smál ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara agus nótaí eile laistigh.

Mían a chroídhe / Pádhraig Óg Ó Conaire (ar athláimh)

Smál ar an gclúdach, smál ar roinnt leathanach istigh. Níl aon mharcanna ná notaí ann. Damáiste beag do bileoga ceangal. Sa chló gaelach. 1922, An Gaedheal-Comhlucht Taighde um clódóireacht, foilsitheoireacht agus tráchtáil, Teo. Smál ar imeall na leathanach.

Foclóir Bitheolaíochta (ar athláimh)

An Roinn Oideachais, An Chéad Chló 1968. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ar an gclúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Pluais na nIongantas (ar athláimh)

Clúdach bog. Carraig na Téide. Seán Ó Murchadha, scéal do bhuachaillí, 1953. Riocht an-mhaith, meirg bheag ar na stáplaí.

Sceallóga (ar athláimh)

Deaglán de Bréadún. Comhar, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar taobh, dath ídithe ar an droim.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an droma ídithe, roinnt marcanna ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Rúraíocht (ar athláimh)

Cormac Ó Cadhlaigh. Oifig an tSoláthair. An Chéad Cló, 1956. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith go leor. Imeall agus droim caite, marcanna agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

An Baile Seo ‘gainn-ne (ar athláimh)

Pádraig Ó Síochfhradha (An Seabhac). Clódhanna Teo. Clúdach bog, le forchlúdach lámhdéanta páipéir. Smál agus scríbhneoireacht ar an bhforchlúdach. Meirg ar na stáplaí. Nótaí scríofa ar roinnt leathanaigh.

Passion and Cunning and Other Essays (ar athláimh)

Conor Cruise O’Brien. Paladin, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc beag ar an chlúdach agus dorchú ar na leathanaigh.

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

The Grand Canal of Ireland (ar athláimh)

Ruth Delany. The Lilliput Press, 1995. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an chlúdach, beagáinín caite ar an imeall.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil