Páidí Dubh as Tír Chonaill

€7.50
Nuair a bhí Séumas MacManus (1868-1960)ina ghasúr óg i dTamhnach an tSalainn ba ghnáth leis a bheith ag airneál cois tine i dtithe na scéalaíochta, agus ba ar na scéalta sin a bhunaigh sé mórán dá chuid scríbhneoireachta. Chaith sé a lán ama ag éisteacht leis na seanchaithe ag insint scéalta a bhí mar chaitheamh aimsire ag an gnáthduine ar fud na tíre ag an am sin. Ní i leabhar a bhí na scéalta, ach tháinig siad anuas ó ghlúin go glúin, agus bhí scéalta éagsúla ag duine i ngach ceantar. Deir Séumas go raibh se ina sheanchaí cosnachta nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois agus gur fhoghlaim sé a chuid scéalta cois tine i gcéad teach.
Bhí clú agus éileamh mór ar a chuid scéalta faoi Pháidí Dubh. Scéalta Gaeilge atá iontu ó cheart, áfach, agus sa tiontú seo cuirtear an chulaith dhúchasach is dual ar ais orthu. Tá ceithre scéal déag anseo a bhíodh forleathan i dTír Chonaill, go háirithe na Cruacha Gorma, agus ní lú an taitneamh is an greann a bhainfidh léitheoirí an lae inniu astu.

Chur sa tralaí:

  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Séumas Mac Mánas
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: