Pacáiste 'Niotú'

€22.50
Úrscéalta maisithe atá sa tsraith 'Níotú' don aoisghrúpa 7+ faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde.

An Sealgaire Mór!
'Chun bróga a dhéanamh, teastóidh craiceann ainmhí uaim,' arsa taoiseach na dTípíonna Beaga lena mhac.
'Mar sin, tabhair dom bogha,' arsa Níotú, 'agus maróidh mé na hainmhithe is fearr ar domhan chun na craicne is fearr a fháil.'
Is mac le taoiseach na dTípíonna Beaga é Níotú, agus taispeánfaidh sé don treibh ar fad gurb eisean an sealgaire is fearr!

Leabhar gleoite as an tsraith Níotú faoi na heachtraí a bhaineann do Níotú agus a chairde, agus an nádúr agus an timpeallacht mar chúlra le gach scéal.

Ollphéist an tSléibhe
'Treoróidh an cleite dearg go dtí an ollphéist thú,' ar séos íseal. Déanfaidh an cleite buí fíorbheag thú, agus ceanglóidh tú an cleite dubh den tsaighead chun an ollphéist a mharú.'
Níl deoir uisce fanta i mbaile na dTípíonna Beaga! Tugann an Fear Feasa cúnamh do Níotú imeacht, faoi rún, chun an 'scamall-iteoir' a ruaigeadh.

Cara Nua
'Chonaic Níotú rud éigin a chuir an cluiche as a cheann. Bhí racún óg ina luí in aghaidh an chrainn agus é beagnach i bhfolach faoi na duilleoga. D'ardaigh an t-ainmhí a chloigeann. Bhí éadan dubh agus bán air, cosúil le masc. Lig sé cnead as.'
Shocraigh an tIndiach beag ar aire a thabhairt don racún agus peata a dhéanamh de, ach ba ghearr gur tuigeadh go mbeadh trioblóid leis. . .

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.45KGs
  • Fhoilsitheoir: Leabhar Breac
  • Udar: Marc Cantin
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: