Pacáiste Tintin agus Asterix

€29.85
Pacáiste Tintin agus Asterix

Leis an pacáiste seo:
Tintin: Todóga na bhFarónna / Asterix na nGallach / Asterix agus an Corrán Óir

Tintin: Todóga na bhFarónna
Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad.

Asterix na nGallach
Tá an Ghaill faoi smacht ag arm Iúil Caesar, ach amháin an sráidbhaile ina gcónaíonn Asterix agus a chairde dochloíte. Tagann neart as cuimse iontu nuair a ólann siad an téilicsir a dhéanann Ogamaix, draoi. Faigheann taoiseach céid na Rómhánach amach faoi sin agus ordaíonn dá chuid saighdiúirí an draoi a ghabháil. Ach tá Asterix glic… saorfaidh sé Ogamaix agus fágfaidh sé na Rómhánaigh briste bearrtha.

Asterix agus an Corrán Óir
Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObelix agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laoch dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathrach. An dtiocfaidh siad ar Amerigix nó an mbeidh corrán óir nua chun an bhaile leo i gcomhair Ogamaix?

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.75KGs
  • Udar: Hergé / R. Goscinny
  • ISBN 10: 9781906587444
  • ISBN 13: 9781906587451