Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Cliamhain Isteach agus An Seanphoncán Saibhir (ar athláimh)

Gearrdhrámaí trí radharc. Pádraig Ó Coileáin. An Chéad Chló, 1975. Clúdach bog i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh.

Milis an Teanga (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta, Mercier. 1974. Clúdach bog le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan. Greamán ar cúl.

Cruinne Eolas (ar athláimh)

For the Teaching of Geography through the Medium of Irish. Eleanor Butler, Browne agus Nolan, Teoranta. Gan dáta. Clúdach bog le scríbhneoireacht. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Fearfeasa MacFeasa (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus imeall/droim caite. Dorchú ar na leathanaigh, spotaí ar an taobh.

Saints & Scholars (ar athláimh)

Terry Eagleton. Futura, 1987. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus marcanna air. Dorchú ar an taobh agus na leathanaigh.

Seán T. II (ar athláimh)

Scéal a bheatha ó 1916 go 1923 inste ag Seán T. Ó Ceallaigh in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn. 1972. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach beagáinín caite.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Nuafhilí 1942-1952 (ar athláimh)

Séamas Ó Céileachair a chuir in eagar. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite, dath ídithe air. Clúdach crua agus bloc téacs glan. Oifig an tSoláthair, athcló 1969.

Críost Mac Dé – Cuid a hAon (ar athláimh)

Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, 1976. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an bhforchlúdach plaisteach agus spotaí ar an taobh. AInm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

An Dia a Rinne Gáire (ar athláimh)

Dónal Ó Duigneáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1957. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú ar an chlúdach, caite ar an imeall, agus roinnt smál air. Droim leochaileach taobh istigh. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Téarmaí Tráchtála [1935] (ar athláimh)

Clúdach bog. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach teidil. Dath an chlúdaigh ídithe, na leathanaigh an-glan. Meirg ar na stáplaí.

Saothar & Súgradh (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Diarmaid Ó Dónaill (ar athláimh)

Dónall Mac Amhlaigh. An Clóchomhar Tta., 1965. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach caite ar na himill agus dath ídithe. Roinnt smál beaga air. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha (ar athláimh)

Cuid a h-Aon. An tAthair Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nualláin, Teor. 1922. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus cúpla smál air. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

Altanna is Aistí (ar athláimh)

Téicsleabhar Ceapadóireachta do sna SCoileannaibh. Seán Ó Sioradáin. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog, richt cuibheasach maith. Smál agus breacphicitúir ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Dath an droma ídithe, meirg ar na stáplaí. Leathanaigh ar fad inléite ach nótaí/breachphicitúir ar chuid dóibh.

An tSraith Tógtha (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1977. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Cuisle na hÉigse (ar athláimh)

Éamon Cuirtéis do chruinnigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus píosa scríbhneoireachta air. Smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan. Nóta ar an gclúdach ‘foil. 1921’ [=foilsithe]. Dara? eagrán.

Ian Paisley & Tuaisceart Éireann (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Cló Morainn, 1971. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Droim ag éalú, smál ar an chlúdach, ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

The Irish Adam and Eve Story from Saltair na Rann (ar athláimh)

Dublin Institute for Advanced Studies, 1976. Volume I, text and translation by David Greene and Fergus Kelly. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil