Téanam Go Mín Aird (le Dlúthdhiosca)

€20.00
Chaith Lís Ní Shúilleabháin furmhór a saoil ag teagasc i mBaile Átha Cliath agus ag filleadh go rialta ar a fód dúchais. Scéalaí aitheanta ab ea í agus seanchas a ceantair féin ar a toil aici. Tá cuntas breá sa leabhar ar an saol mar a bhí le linn a hóige agus tuairimíocht Líse ar an todhchaí. Bean go raibh spiorad innti ab ea í. Is tráthúil an tuairisc atá sa leabhar ar an nGaeilge i Lios Póil le linn Líse – toisc na dúshláin atá roimis gach pobal Gaeltachta fé láthair. Chuir Roibeard Ó Cathasaigh aithne ar Lís sna 70í nuair a bhí an bheirt acu ag teagasc ar choláiste samhraidh i Lios Póil. Bhí sí toilteanach taifeadaí a dhéanamh dó agus ina dhiaidh sin scríobh sí cuntais do. Toradh na hoibre sin atá sa leabhar Téanam go Min Aird. Cuirfidh Duibhnigh, canúnaithe, foghlaimeoirí Gaelainne & an staraí sóisialta araon suim sa bhfoilseachán ceannródaíoch so.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.57KGs
  • Fhoilsitheoir: Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Udar: Lís Ní Shúilleabháin
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: