Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Mahaffy – A Biography of an Anglo-Irishman [crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, caite in áiteanna agus píosa beag stróicthe de. Spotaí ar an imeall an bhloc téacs. Clúdach crua agus bloc téacs i riocht an-mhaith.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal, 1981. Clúdach bog, i riocht maith. An clúdach beagáinín rocach, dorchú ar na leathanaigh.

Kilcullen (ar athláimh)

Enda Pádraig O’Coineen. Clúdach bog. Mercier Press. 1978. Riocht an-mhaith.

Ruathar Anall (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1962. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an gclúdach, ar an droim agus ar na leathanaigh laistigh.

Uisce Báis agus Beatha (ar athláimh)

Lorcán ó Treasaigh. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An chéad chló, 1975. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Roinnt marcanna ar an chlúdach agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an t-údar.

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-Aghaidh Árd-Rang na mBun-sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál agus scríbhneoireacht air. Meirg ar na stáplaí.

Nua-Dhuanaire – Cuid I (ar athláimh)

Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Neart nótaí ar chuid de na dánta amhail is gur leabhar é a d’úsáid neach léinn. Riocht cuibheasach maith.

Corpas na Gaeilge 1600-1882 (ar athláimh)

Foclóir na Nua-Ghaeilge. The Irish language Corpus. Acadamh Ríoga na hÉireann, 2004. Clúdach leathchrua, i riocht an-mhaith. Dlúthdhiosca a bhaineann leis an leabhar laistigh.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1956. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith, gan an forchlúdach páipéir. Forchlúdach plaisteach beagáinín brúite ar na himill.

An Druma Mór (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Oifig an tSoláthair. An Chéad Cló, 1969. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Donegal Annual / Bliainiris Dhún na nGall 2011 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Beattie. County Donegal Historical Society, No. 63, 2011. Clúdach bog, riocht maith. Deannach agus cúpla smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Chasing Progress in the Irish Republic (ar athláimh)

Ideology, democracy and dependent development. John Kurt Jacobsen. Cambridge University Press, 1994. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

The Irish Question Book (ar athláimh)

Compiled and Arranged by J. Crampton Walker. The Talbot Press Ltd. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, droim rocach. Dorchú ar na leathanaigh.

Green Tears for Hecuba (ar athláimh)

P.J. Twohig. Gaelic Press Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Smáil taobh istigh, bloc téacs an-ghlan.

Seán T. II (ar athláimh)

Scéal a bheatha ó 1916 go 1923 inste ag Seán T. Ó Ceallaigh in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn. 1972. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach beagáinín caite.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Greann is Gáire (ar athláimh)

Risteárd Ó Luineacháin. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Muskerry (ar athláimh)

Robert Welch. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Harmsworth’s Universal Encyclopedia [Vol.4] (ar athláimh)

Written by the Leading Authorities of the Day in Every Branch of Knowledge & Containing more than 20,000 Illustrations. Curtha in eagar ag J.A. Hammerton. Volume 4, pages 2689-3584. The Amalgamated Press Ltd. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Imeall an chlúdaigh caite, smáil air. Dorchú agus smáil ar an taobh agus na leathanaigh cheangail.…

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil