Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Saoghal Corrach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, forchlúdach eile breise fós lámhdhéanta leis. I riocht an-mhaith, an forchlúdach an-glan. Baile Átha Cliath, An Press Náisiúnta.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta, 1962. An Chéad Cló. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe áit ina raibh leabhar eile ar barr. Cúpla smál beag air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

An leaba a d’imigh HÚIS agus a Chaill Féasóg (marc ar an gclúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Smál ar an gclúdach agus marc donn ar clé. Na leathanaigh an-ghlan. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965. Lándaite.

An Saol in Éirinn (ar athláimh)

L. M. Ó Coileáin. Aistrithe ag Tomás Ó Laoi. Oifig an tSoláthair, 1976. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, na cúinní beagáinín brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

Athbheochan na Gaeilge / The restoration of the Irish language 1965 (ar athláimh)

Arna leagan ag an Rialtas faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, Eanáir 1965. Clúdach bog. Smál ar an gclúdach. Smál ar an leathanach teidil. Léarscáil na nGaeltachtaí ar cúl, agus í ar fad ann. Oifig Díolta Foilseachán Rialtais.

Feis Cheoil an Iarthair – 1968 (ar athláimh)

32ú Feis. Leabhrán. Clár na Feise. Riocht maith. Meirg ar na stáplaí.

Conradh na Gaeilge agus an tOideachas Aosach (ar athláimh)

Seán Mac Mathúna agus Risteard Mac Gabhann. Cló Chois Fharraige, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

Ón bhFuacht go dtí an Teas (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Amhráin Dóchais (ar athláimh)

Breandán Ó Doibhlin. Veritas, 1970. Leabhrán bog, i riocht maith. Greamán ar an gclúdach. Smál ar imeall na leathanach. Nótaí lámhscríofa (i bpeann luaidhe) ar na leathanaigh.

Nuachúrsa Fraincise II (ar athláimh)

Albert Folens agus Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1956. Clúdach leathchrua, riocht maith go leor. Dorchú ar an chlúdach agus roinnt smál air. Smál ar an taobh chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Léachtaí Uí Chadhain 1 (1980-1988) (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta 1989. Riocht an-mhaith.

Stair na hEorpa I (ar athláimh)

Seán A. Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, 1969. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú air in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

An Díthreabhach agus Scéalta Eile as ‘Comhar’ (ar athláimh)

Eoghan Ó hAnluain a roghnaigh. Mercier, 1977. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

SHIÀNA (ar athláimh)

Peadar Ó Laeri. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach ídithe. Droim stróicthe. Bloc téacs i riocht maith

Na hAird ó Thuaidh (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1960. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe in áiteanna, go háirithe ar chúl. Smál mór ar chúl chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Curious Journey (ar athláimh)

An Oral History of Ireland’s Unfinished Revolution. Kenneth Griffith, Timothy O’Grady. Mercier Press, 1998. Clúdach bog, rioch an-mhaith.

The Perversion of Science and Technology in Ireland (ar athláimh)

Derry Kelleher. Justice Books No.4. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe.

Stair na hÉireann sa Mheánaois 1086-1513 (ar athláimh)

Éamon Cuirtéis, Tomás de Bhial. A History of Medieval Ireland from 1086-1513. Léarscáil fillte sa lár a léiríonn Éire fé Risteard II. Clúdach crua, gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith.

Muinntir Chois Locha (ar athláimh)

The Loughsiders. Shan F. Bullock. Aistrithe ag Niall Ó Domhnaill. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1934. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Caite ar imeall an chlúdaigh, smáil bheaga air agus roic ar an droim. Dath an droma ídithe. Nótaí scríofa ar roinnt leathanach i bpeann luaidhe.

Guth an Phobail (ar athláimh)

Nollaig Ó Gadhra. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1984. Clúdach crua le forchlúdach. Sínithe ag an údar. Clúdach crua caite agus smál air. Smál ar an leabhar crua féin, ach an block téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil