Sceilg na Scál

€10.00
Aon chiliméadar déag ó thalamh atá an Sceilg, an charraig sceirdiúil mar ar thóg Fíonán naofa a mhainistir míle go leith bliain ó shin, nach mór. Tá na hiarsmaí cloch le feiceáil go fóill. Faightear iarracht de léargas iontu ar shaol na manach ach níl aon éalú ó thionchar na carraige seo ag duine ar bith a thugann cuairt uirthi is a leagann cos ar an gcosán agus ar na céimeanna a thabharfaidh aníos ón gcé é go clocháin chrochta na mainistreach féin.
Cuid dílis de bhéaloideas na muintire í an Sceilg go deimhin agus tá cuimhne go fóill ar Liostaí na Sceilge ina ndéantaí scigmhagadh ghéar-róghéar, róghangaideach, b'fhéidir- faoi dhaoine nach mbeadh pósta faoi dheireadh na hInide ach a mbeadh aga sa bhreis acu dá dtabharfaidís an turas farraige orthu féin!
Braitear tionchar domhain na carraige úd ar an saothar is déanaí seo ó láimh Biddy Jenkinson, saothar fuinte ilchineálach a osclóidh súile creidmheach agus neamh-chreidmheach araon.
Thaitneodh saothar Biddy le Fíonan na Sceilge - b'fhéidir - ach is cinnte go dtaitneoidh a cuid le cailleach nite na léine!

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.172KGs
  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Biddy Jenkinson
  • ISBN 10: 6660012170265
  • ISBN 13: