Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

The Spiritual Rose (ar athláimh)

Prayers and Meditations in Irish. Curtha in eagar ag Malachy McKenna. Dublin Institute for Advanced Studies, 2001. Clúdach crua, riocht maith. Poll beag ar an imeall. Smál ar an chlúdach agus ar an imeall, ach an bloc téacs i riocht an-mhaith.

Craic Baby (ar athláimh)

Darach Ó Séaghdha, Head of Zeus Tta. 2018. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Senior English (ar athláimh)

DJ Murphy. Mercier Educational, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, dath an chlúdaigh ídithe beagáinín chomh maith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Duanaire Nuafhilíochta (ar athláimh)

Frank O’Brien. An Clóchomhar Teo., 1969. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe ar an droim agus dorchú ar an taobh agus ar na leathanaigh . Ainm an iar-úinéir scríofa ar an leathanach cheangail.

Fuinneoga (ar athláimh)

Tomás Tóibín. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, an chéad chló 1980. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Cúpla smál beag ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Guaire – Cuid A II (ar athláimh)

Leabhar bog, stampa ‘showroom copy’ chun tosaigh. Dath an chlúdaigh ídithe.

Cá nDéanfad mo Nead? (ar athláimh)

Séamas Mac Cnáimhín. Clólucht an Talbóidigh. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Forchlúdach caite go maith agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad i riocht an-mhaith.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Sínithe. Leabhar bog, riocht maith. Cúpla marc air.

Cré na Cille [1996] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1996. Clúdach bog. Geall le bheith nua.

Irish Patchwork (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Alex Meldrum. Kilkenny Design Workshops, 1979. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál beag air. An-ghlan taobh istigh.

Ór na h-Aitinne (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. An Chéad Cló, 1949. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir. Riocht maith go leor. Forchlúdach caite agus smál air. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Translittérature – Hiver 2013 (ar athláimh)

Côte à côte: Les métamorphoses de Kafka. Ils traduisent, ils écrivent: Entretien avec Diane Meur. Geimhreadh 2013, Uimh. 44. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Táblaí matamaitice / Mathematics Tables (ar athláimh)

Gan dáta. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, breacphictiúr ar an gclúdach cúil.

Gunna Cam agus Slabhra Óir (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Sáirséal agus Dill, 1980. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Roinnt smál agus deannach ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Foclóir d’Eisirt (ar athláimh)

Curtha le chéile ag Eleanor Knott. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. Riocht maith go leor. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh agus meirg ar na stáplaí.

Nua-Sgríbhneoirí na Gaedhilge (ar athláimh)

Séamus Ó Searcaigh. Brún agus Ó Nualláin, Teor., 1934. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an droma ídithe, imeall caite, agus smáil air. Na leathanaigh dorcha. Ainm an iar-úinéara agus stampaí ex-libris taobh istigh. Bloc téacs glan.

Percy French and his Songs (ar athláimh)

With Music. James N. Healy. The Mercier Press, 1974. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, dorchú agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

Graiméar na Gaeidhilge Léis na Bráithreachaibh Críostamhla (ar athláimh)

M.H. Gill & Son. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, cúinní lúbtha. Dorchú ar an taobh.

Scríbhneoirí na Nua-Ré 1 – Ceannródaithe (ar athláimh)

Tuairisc iriseora. Ristéard Ó Glaisne. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1974. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe beagáinín. Nóta scríofa i bpeann ar leathanach amháin, siniú an iar-úinéara laistigh.

Captain Boycott & The Irish (ar athláimh)

Joyce Marlow. André Deutsch Limited, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Marcanna ar an bhforchlúdach, spotaí ar an imeall. Dath ídithe ar an leabhar crua.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil