Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Gort an Óir [C] (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Dorchú ar na himill. Smál ar chúl. Spotaí ar an taobh ar bun. Meirg ar na stáplaí. Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. 72 lth.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1979. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Dorchú ar na leathanaigh agus smál in áiteanna ar na leathanaigh agus ar an gclúdach.

An Iodh Morainn 1946 (ar athláimh)

Iris an Choláiste Ollsgoile Baile. Iris Bhliadhantamhail, Imleabhar a hAon Uimhir a Seacht á foillsiú ag an gCumann Gaedealach. 1946. Clúdach bog, riocht maith go leor. Imeall caite, roinnt smáil ar an chlúdach agus taobh. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

An Dánlann Náisiúnta (ar athláimh)

Séamas Ó Saothraí. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló 1966. Clúdach bog, i riocht maith. Smál in áiteanna ar an gclúdach, go háirithe ar chúl, agus ar roinnt leathanaigh. Dorchú ar leathanaigh. Gearrthóg, greamán agus síniú an iar-úinéara laistigh.

Trasládáil (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoir. Lagan Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, atá lúbtha beagáinín. Bloc téacs an-ghlan.

Jewels (ar athláimh)

Robert Perrin. Routledge & Kegan Paul, 1977. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe agus cúpla smál beag ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, bloc téacs an-ghlan.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Clúdach bog. Uimhir ‘6’ scríofa ar an gclúdach.

In Time of War – Ireland, Ulster and the Price of Neutrality 1939-45 (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Imill an fhorchlúaigh brúite isteach beagáinín. Dath an fhochlúdaigh ídithe. 1983, Andre Deutsch, Bandon, Ireland. Gearrthóg nuachtáin greamaithe taobh istigh den bhforchlúdach ag an íar-úinéar (píosa beag mar gheall ar an údar ó 1983). 565lth. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta…

Comhcheilg na Mainistreach Móire (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Sáirséal agus Dill. An tAthair Colmcille OCSO. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach leath-teidil.

I bPrionta I Leabhar – Na Protasúin agus Prós na Gaeilge 1567-1724 (ar athláimh)

Leabhar Thaighde, an 51ú hImleabhar. Nicholas Williams. An Clóchomhar Tta., 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Fiacha Mac Aodha Ua Broin (ar athláimh)

Pádraig Mac Aodha. Séamus Ó Dubhthaigh & a Chomh., Teo., 1908. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Thar Ghealchathair Soir (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Cumann Merriman, 1973. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus smál air. Beagáinín meirg ar na stáplaí agus dorchú ar na leathanaigh.

Curious Journey (ar athláimh)

An Oral History of Ireland’s Unfinished Revolution. Kenneth Griffith, Timothy O’Grady. Mercier Press, 1998. Clúdach bog, rioch an-mhaith.

The Story of Early Gaelic Literature (ar athláimh)

Douglas Hyde. Clúdach crua. Stampa iar-leabharlainne. Damáiste don chlúdach agus codanna de stróicthe. 6ú cló.

Laochra na Machairí (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus smál ar an chlúdach, dath ídithe in áiteanna. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Scéalta as an Apocrypha (ar athláimh)

Muircheartach Ó Conga a d’aistrigh don Easpag Bedell. An Canónach Oirmhinneach Cosslett Ó Cuinn a chuir in eagar. Oifig an tSoláthair 1971. Clúdach crua, gan fhorchlúdach, riocht maith.

Ceart na Bua [1968] (ar athláimh)

Liam Ó Catháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúinní beagáinín brúite. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Cúpla spota ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Eolaí an Phoist / Post Office Guide 1969 (ar athláimh)

Clúdach bog, smál beag air agus dath an chlúdaigh ídithe. Smál ar an imeall.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil