Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

The Graces 1625-41 (ar athláimh)

Irish History Series, No.8. Aidan Clarke. Dublin Historical Association, 1968. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

No Surrender! The siege of Londonderry 1689 (ar athláimh)

Tony Gray, MacDonald and Jane’s, London, 1975. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach stróicthe sa chúinne, riocht maith.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Oifig an tSoláthair, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara taobh istigh.

An Lann Tolédo (Cóip A) (ar athláimh)

Éamon Ó Faoláin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1957. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Dorchú ar na leathanaigh.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

The Irish Language in Northern Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Aodán Mac Póilín. Iontaobhas Ultach, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Cuairt Ghearr – Spléachadh ar na Stáit Aontaithe (ar athláimh)

Ristéard Ó Glaisne. Clódhanna Tta., An Chéad Chló 1975. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Ruachan agus dorchú ar an leathanach ceangal agus ar an gclúdach féin. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Bligeard Sráide (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 1983. Líníocht le Michael Mulcahy. Clúdach bog, riocht maith, smál beag ar an gclúdach.

The Stalker Affair – The Shocking True Story of a Notorious Cover-Up in Northern Ireland (ar athláimh)

John Stalker. Penguin Books, 1989. Riocht maith. Dath ídithe in áiteanna agus dorchú ar an imeall.

The First Quicksilver Quiz Book (ar athláimh)

Canavaun Books in association with RTÉ. Clúdach bog, riocht maith go leor. Cúinní caite agus smáil air. Bloc téacs an-ghlan.

Eibhlín a Ghleanna (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, stróicthe ar bun agus ar an droim (an-caite). Liam Ó Catháin, Oifig an tSoláthair, 1954. Úrscéal faoi Chogadh na Saoirse. Marcanna ar an gclúdach crua, imeall an chlúdaigh chrua caite.

Saoghal Corrach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, forchlúdach eile breise fós lámhdhéanta leis. I riocht an-mhaith, an forchlúdach an-glan. Baile Átha Cliath, An Press Náisiúnta.

Máire Nic Artáin [1959] (ar athláimh)

Le Séamus Ó Néill. Cló Morainn, An Chéad Chló Nollaig, 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Biggles Flies to Work (ar athláimh)

Capt. W. E. Johns. Dean & Sons, 1963. Clúdach crua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach féin lúbtha, agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh. Dath an droma ídithe go mór.

Poll an Píobaire (ar athláimh)

Pádraig Mac Piarais. Conradh na Gaeilge, 1933. Leabhrán bog, riocht maith. Scríbhneoireacht agus smál ar an chlúdach. Scríbhneoireacht taobh istigh chomh maith.

On the Art of Writing (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Coach ‘Q’. Guild Books, 1950. Clúdach bog, smál ar an chlúdach. Riocht maith.

Dánta Ardteistiméarachta 1968-69 (ar athláimh)

Leabhar bog. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an gclúdach.

Leon an Iarthair – Aistí ar Sheán Mac Héil (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Áine Ní Cheannain. An Cló Chomhar Tta., 1983. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Scríbhneoirí na Nua-Ré 1 – Ceannródaithe (ar athláimh)

Tuairisc iriseora. Ristéard Ó Glaisne. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1974. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe beagáinín. Nóta scríofa i bpeann ar leathanach amháin, siniú an iar-úinéara laistigh.

Polly Devlin visits the Museum (ar athláimh)

The National Museum of Ireland, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, smáil agus deannach air.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil