Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Fuine Gréine (ar athláimh)

Pádhraic Óg Ó Conaire. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Leabhar crua féin an-ghlan, bloc téacs an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

The Model Grammar and Composition for Senior Classes (ar athláimh)

The Educational Company. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

Iníon Rí Dhún Sobhairce (ar athláimh)

Tragóid trí ghníomh. Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló, 1960. Clúdach crua, i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach ach na leathanaigh an-ghlan.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1976. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh.

Ordinary Lives – The Private Lives of Three Generations of Ireland’s Professional Classes (ar athláimh)

Tony Farmar. A. & A. Farmar, 1995. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Súil le Breith (crua) (ar athláimh)

Clúdach crua, le forchlúdach. Greamán bán sa mhullach ar an bhforchlúdach ar an gclúdach tosaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangail tosaigh le peann. An clúdach crua faoi bhun an fhorchlúdaigh i riocht an-mhaith. Na leathanaigh an-ghlan. An chéad cúpla leathanach ag éalú ó bhun na fuála. An chéad chló, 1983.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., an chéad chló 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Henry Flood (ar athláimh)

Aiste eolais ar a shaol is a shaothar le Séamus Puirséil. Clóhanna Teoranta 1973. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Leabhrán.

An Stáca ar an gCarraigín (ar athláimh)

Conchubhar Ó Ruairc. Clo Uí Mheára, An Chéad Chló, 1962. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Smál ar an bhforchlúdach, atá caite go maith. Ruachan ar na leathanaigh ceangail agus dorchú ar imill na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Comhad Comhairleora (ar athláimh)

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-Aghaidh Árd-Rang na mBun-sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál agus scríbhneoireacht air. Meirg ar na stáplaí.

The Hill of Tara [1955] (ar athláimh)

Robert R. Callary, James Duffy & Co, 1955. Leabhrán bog, 50 lth. Dath ídithe ar chúl an chlúdaigh, smál uisce ar an leathanach teidil. Riocht an-mhaith.

Gnéithe den Ghorta (ar athláimh)

Cathal Póirtéir a chur in eagar. Coiscéim, An Chéad Chló 1995. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Nóta dea-ghuí ón eagarthóir don iar-úinéar laistigh.

An Lann Tolédo (Cóip A) (ar athláimh)

Éamon Ó Faoláin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1957. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Dorchú ar na leathanaigh.

Leabhar Iomann le Ceol (ar athláimh)

Dá Chur Amach ag Cumann Gaelach na hEaglaise. Eaglais na hÉireann. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Marcanna ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite agus greamán ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Tonn Tuile [1947, bog] (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1947. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, caite beagáinín ar barr. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Ag Scaoileadh Sceoil (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1962. Clúdach leathchrua, i riocht cuibheasach maith. Na cúinní brúite ar an gclúdach, smál ar an gclúdach cúil. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh

An Ghrian agus An Ghealach (ar athláimh)

Tús na Suime 9. C. S. Ó Fallúin, Teo., 1971. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál air agus ar na leathanaigh, spotaí ar cuid dóibh chomh maith. Dath ídithe.

Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Ole Munch-Pedersen. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht maith. Smáil ar an gclúdach.

Autobiographies II (ar athláimh)

Sean O’Casey. MacMillan & Co., 1963. Clúdach bog, riocht mairth. Smál ar an chlúdaigh agus dorchú ar an droim. Smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil