Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Retreat from Revolution – The Dáil Courts, 1920-24 (ar athláimh)

Mary Kotsonouris. Irish Academic Press, 1994. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín lúbtha, smál air. Smál ar an taobh chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Fearfeasa MacFeasa (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus imeall/droim caite. Dorchú ar na leathanaigh, spotaí ar an taobh.

Sgéalta an tSáirsint Rua (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. An Press Náisiúnta, gan dáta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air, agus lúbtha. Na cúinní caite agus meirg ar na stáplaí. Clúisíní cait ar cúpla leathanach. Smáil ar roinnt leathanaigh ach iad glan seachas sin. Stampa iar-leabharlainne agus beagáinín scríbhneoireachta air.

Measgra Dánta II (ar athláimh)

Miscellaneous Irish Poems. Cuid a dó. Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cló Ollscoile Chorcaí 1977. Clúdach bog, riocht maith. Greamán agus marc ó chupán tae ar chúl. Na leathanaigh an-ghlan.

On the Art of Reading (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Couch ‘Q’. Guild Books, 1947. Clúdach bog. Clúdach strócithe in áiteanna agus smál air. Píosa scríbhneoireacht ar chúl. Bloc téacs i riocht maith.

Great Irish Artists from Lavery to Le Brocquy [crua, 1997] (ar athláimh)

S.B. Kennedy. Forchlúdach leis. Ainm an iar-úinéara istigh ann. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le gur féidir leis na leabhair ar fad sa chnuasach baile nua a…

Iníon an Iarthair (gan chlúdach) (ar athláimh)

Cathal Ó Sándair, an chéad chló 1952. Gan chlúdach. Ruachan ar an leathanach teidil.

Idir shúgradh agus dáiríre (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Athchló agus gluais, 1947. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Clúdach caite, droim caite.

Altanna is Aistí (ar athláimh)

Téicsleabhar Ceapadóireachta do sna SCoileannaibh. Seán Ó Sioradáin. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog, richt cuibheasach maith. Smál agus breacphicitúir ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Dath an droma ídithe, meirg ar na stáplaí. Leathanaigh ar fad inléite ach nótaí/breachphicitúir ar chuid dóibh.

Foclóir Bia agus Dí (ar athláimh)

An Irish Dictionary for the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1994. Riocht an-mhaith.

Cúlú na Rianach (ar athláimh)

Seán Ó Mulláin. Cló U´Mheára, 1960. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Aimsir Óg 2000 – Cuid a Dó (ar athláimh)

Critic, Béaloideas, Teanga. Eagarthóir: Micheál Ó Cearúil. Coiscéim, 2000. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Keeping Us in the Dark (ar athláimh)

Censorship and Freedom of Information in Ireland. Brendan Ryan. Gill & Macmillan, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Cití – Dráma Trí Ghníomh (ar athláimh)

Siobhán Ní Shúilleabháin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus cúpla smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Raidió na Gaeltachta (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Cló Chois Fharraige, 1982. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach, droim rocach.

The EEC – Ireland and the Making of a Superpower (ar athláimh)

Anthony Coughlan. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál air. Bloc téacs an-ghlan.

The King’s War 1641-1647 (ar athláimh)

The Great Rebellion. C.V. Wedgwood. Collins The Fontana Library, 1958. Clúdach bog, riocht maith.

An tÉan Órdha agus Sídhe-Sgéalta Eile (ar athláimh)

Pádraig Ó Moghráin. Oifig an tSoláthair, 1945. Clúdach bog, rioch cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus an droim stróicthe, an fuáil le feiceáil in áit. Bloc téacs an-ghlan.

Ceithre dhráma do Leanaí [bog, 1979] (ar athláimh)

Seán A. Ó Briain, Pádraig Ó Siochrú. Léaráidí le Kathy Moore. Leabhar bog

Ál Fiaich (ar athláimh)

Gearóid Ó Cléirigh. Leabhar crua, le forchlúdach. Clúdach caite agus stróicthe ar chúl, dath ídithe agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, cúinní lúbtha agus dath ídithe in áiteanna. Cúpla spota ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil