Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Pádhraic Mháire Bháin nó An Gol agus an Gáire (ar athláimh)

Clúdach crua. Smál áirithe ar an gclúdach tosaigh. Dath ídithe ar an droim. Spotaí in áiteanna, páipéar eile bán greamaithe de in áiteanna (na spotaí bána). Ainm agus stampa iar-úinéara ar an leathanach ceangail. An ceathramhadh cur-amach.

Saontacht an Athar De Brún (ar athláimh)

The Innocence of Father Browne. G.K. Chesterton. Seán Ó Liatháin a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1937. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Smál ar an gclúdach. Ruachan ar an imeall agus ar na leathanaigh. Cóip léitheoireachta.

Foclóir Bia agus Dí (ar athláimh)

An Irish Dictionary for the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1994. Riocht an-mhaith.

An Tarbh – Bealtaine 1998 (ar athláimh)

Eagrán speisialta Cuimhneacháin Oscailt Clubtheach CLG Chluain Tarbh. Irisleabhar A5, clúdach bog, riocht cuibheasach.

Uaigneas (ar athláimh)

Treoir don leabhar ‘Scothscéalta’ le Pádraic Ó Conaire. Pádraig Ó Croiligh. Oideas Mercier, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Maidhc sa Danmhairg [leath-chrua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar an droim agus na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Greamán ar an chlúdach.

An Fête agus scéalta eile (ar athláimh)

Beairtle Ó Conaire. Clódóirí Lurgan. 1984. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Irish Sketch Book 1842 (ar athláimh)

William Makepeace Thackeray. The Blackstaff Press, 1985. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Pádraic Ó Conaire (ar athláimh)

Clúdach crua, an-caite. Stróicthe ar an droim. An chéad chló 1947, Á. Ní Chnáimhín a scríobh. An téacs saor ó mharcanna, an clúdach i ndroch-chaoi.

Ár i gCor Chomrua (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Móinín, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Cuaicín Draoidheachta (ar athláimh)

Tomás Ó Rathaille. Clúdach bog. 1928. Dánta nua i gcóir scoileanna agus coláistí. Clúdach caite, stróicthe beagáinín.

Úll i mBarr an Ghéagáin (ar athláimh)

Imeall caite, smál ar roinnt mhaith leathanach agus ar imeall na leathanach. I riocht cuibheasach maith seachas sin. Clúdach bog.

Slán le Luimneach (ar athláimh)

Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Sgoil Éanna – St. Enda’s School Rathfarnham – Prospectus 1910-1911 (ar athláimh)

Paimfléad, clúdach bog. Stáplaí i riocht maith. Glan taobh istigh. Dath an leathanaigh thosaigh agus an leathanaigh chúil ídithe. An leathanach cúil an-dorcha. Rocach, is léir gur filleadh siar é cheana.

Hugh Lane and His Pictures (ar athláimh)

Thomas Bodkin. The Stationary Office, 1956. Clúdach crua, riocht maith. Dath ídithe ón droim. Smál air. Dorchú ar an taobh agus cúinní caite. Dorchú ar na leathanaigh cheangail, bloc téacs an-ghlan.

Stair Choitcheann na Ré Críostaidhe I. AD. 1–1517 [1928] (ar athláimh)

Clódhanna Oideachais Caitlicigh, 1326 Sráid Quincy, O.T., Uasington, C.C. Pádraig Ó Domhnalláin do rinne as Gaedhilg. An sémhadh eagrán, 1928.

Kilcullen (ar athláimh)

Enda Pádraig O’Coineen. Clúdach bog. Mercier Press. 1978. Riocht an-mhaith.

Go Maire Tú an Céad (ar athláimh)

Ag Coimeád an Dochtúra ón Doras sa Chéad seo Romhainn. Matt Hussey. Coiscéim, 2003. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Ó Chamhaoir go Clap-Sholas (ar athláimh)

Tráchtais, Caidearnacha agus Ráidhseaftaí le Seaghán Mhac Meanman. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1940. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. An dath ídithe ar an gclúdach, smál go forleathan ann, go háirithe ar chúl agus ar an droim. Poll beag bídeach sa droim, atá fós ceangailte go láidir leis an leabhar féin. Dorchú agus…

Folktales of Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar agus aistrithe ag Sean O’Sullivan. Routledge & Kegan Paul. 1966. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach ídithe, deannach air. Bloc téacs glan. Nóta scríofa taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil