Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An Dá Chultúr (ar athláimh)

Máirtín Ó Braonáin. Clódhanna Teoranta, 1967. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe, beagáinín meirge ar na stáplaí, dorchú ar na leathanaigh.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Mhaolfabhail. Preas Dhún Dealgan, 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith, cuid fíorbheag ruachain ann ar imill na leathanach. Bloc téacs an-ghlan.Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Icarus – Trinity Term 1982 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Buntús Cainte – First Steps in Spoken Irish – Céim a hAon [céad eagrán] (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht an-mhaith, na léaráidí mar ba cheart iad a bheith an chéad lá – soiléir, glan. Clúdaithe le páipéar donn.

Cré na Cille [2007] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 2007. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an bhforchlúdach.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

Watch Your Language (ar athláimh)

An Bata Scóir, The Insidious Silencer. RTÉ. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Fillte i leath, smál air agus cúpla smál taobh istigh. Na leathanaigh glan seachas sin.

Squaring With Reality (ar athláimh)

A Socialist View of the Nationalisties Questions. Antóin Ó Muircheartaigh. The Fulcrum Press. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus ruachan ar an chlúdach.

Réidh-Chúrsa Gramadaighe (ar athláimh)

Brian Mac Giolla Phádraig. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Clúdach crua gan fhprchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Cogadh na Saorsa – Solus Lathail (ar athláimh)

An Ceathramh Earrann. Samuel Bagster & Sons, Ltd., 1943. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh. Gaeilge na hAlban/Gàidhlig.

The Narrow Ground (ar athláimh)

Aspects of Ulster, 1609-1969. A.T.Q. Stewart. Clúdach crua, forchlúdach leis. Dath an drom ídithe. Ainm an iar-úinéara ann. Faber & Faber. Riocht an-mhaith.

Sraith Lorcáin – Leabhar a h-Aon (ar athláimh)

Preas Dun Dealgan. Leabhrán bog, riocht cuibheasach caite. Clúdach caite agus smál air. Píosa scríbhneoireachta ar chúl. Ainm an iar-úinéara taobh istigh, smál ar na leathanaigh.

Duanaire Déiseach (ar athláimh)

Nioclás Tóibín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1978. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Roinnt smál air. Bloc téacs an-ghlan.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, an chéad chló 1993. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc ar an taobh.

Revolutionary Movements of the Past (ar athláimh)

Repsol Pamphlet no.4. J. de Courcy Ireland. October, 1971. Leabhrán bog, riocht maith. Marcanna agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Go mBeannuightear Dhuit – i. eachtra thar eachtraibh (ar athláimh)

Clúdach crua, ceangail ag streachailt i ndiaidh an leathanach teidil agus an-tirim. Dath dorcha ar chiumhais na leathanach. Nótaí istigh.

Filidheacht na nGaedheal (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Pádraig Ó Canainn. An Press Náisiúnta, 1942. Clúdach leath-chrua le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Forchlúdach beagáinín caite agus smál beaga air. Clúisíní cait agus spotaí ar roinnt leathanaigh, agus píosa scríbhneoireachta i bpeann luaidhe, ach na leathanaigh ar fad inléite. Ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Megalithic Art in Ireland (ar athláimh)

Dr Muiris O’Sullivan. Country House, 1993. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Leathanaigh an-ghlan.

Cruithneacht agus Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Clúdach caite, droim stróicthe. Smál ar an chlúdach. Scríbhneoireacht ar na leathanaigh i bpeann luaidhe agus peann.

An Ghaoth Aniar (ar athláimh)

Tomás Ó Máille. Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1930. Clúdach bog, le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Smál ar an bhforchlúdach, agus ainm an iar-úinéara scríofa air. Nótaí scríofa ar roinnt leathanaigh agus dorchú ar na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil