Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Pádhraic Mháire Bhán nó An Gol agus an Gáire (ar athláimh)

Seán Ó Ruadháin. An Gúm, 1938. Clúdach bog, i riocht maith. Smál agus ruachan an-bheag ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Guardians of the Peace [1974] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite ar barr, ruachan taobh istigh den bhforchlúdach. Leabhar iomlán i riocht maith. Céad chló. Gill & MacMillan, 1974.

The Green Cockade – The Irish in the French Revolution 1789-1815 (ar athláimh)

Liam Swords. Glendale, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, marcanna air. Dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Téarmaí Eaglasta – Ecclesiastical Terms (ar athláimh)

Leabhrán beag 16 leathanach. Clúdach bog. Lourdes Messenger Office. Focail úsáideacha coitianta faoin Eaglais / Useful words in general use in Church matters. Gan dáta.

Baisteadh Gintlí (ar athláimh)

Biddy Jenkinson. Coiscéim, An Chéad Chló 1986. Clúdach bog, i riocht maith. Smál ar an gclúdach. Nóta scríofa i bpeann luaidhe ar leathanach amháin. An chéad chnuasach filíochta le Biddy Jenkinson.

Foclóir Gaeilge-Béarla (ar athláimh)

An Litriú Caighdeánach. Máiréad Ní Ghráda a chuir le chéile. Longmans, Brún agus Ó Nualláin. Gan dáta. Clúdach bog, riocht maith.

Astronár (ar athláimh, 1928)

Piaras Béaslaí. C.S. Ó Fallamhain Teo., 1928. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Roic agus spotaí ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Rí na nUile (ar athláimh)

liricí diaga a cumadh idir an 9ú agus an 12ú céad. Seán S. Ó Conghaile, Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill an tríú cló 1971.

An Eala Dhubh (ar athláimh)

Cliodna Cussen. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar an chlúdach. Sínithe ag an údar, tiomnaithe don iar-úinéar.

Faill ar an bhFeart (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, i riocht an-mhaith. Smál beag agus dorchú ar imeall na leathanach. Bloc téacs an-ghlan. Nóta ón iar-úinéar taobh istigh.

Dún Laoghaire agus Ceanntair Mágcuairt (ar athláimh)

Clúdach bog, 1936. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe, nóta amháin scríofa ar cúl le peann.

An Choill Bheo (ar athláimh)

Éilís Diolún, an chéad chló, Oifig an tSoláthair, 1948. Clúdach leath-chrua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus stróicthe ar bun sa lár. An leabhar féin i riocht an-mhaith, an-ghlan.

Faoileán na Beatha (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Clóchomhar Tta., 1962. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe ar an imeall, smál air. Cúpla spota ar na leathanaigh cheangail, na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Galvia (ar athláimh)

Irisleabhar Chumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe. Imleabhar X, 1964-65. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh ach na leathanaigh an-ghlan.

An Peann Coitianta 2 (1992-1997) (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Cois Life, 1997. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc ar an taobh.

Conradh na Gaeilge agus an tOideachas Aosach (ar athláimh)

Seán Mac Mathúna agus Risteard Mac Gabhann. Cló Chois Fharraige, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

The Quiet Revolution (ar athláimh)

The Electrification of Rural Ireland. Michael Shiel. The O’Brien Press, 1984. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith, roic ar an droim agus smál ar chúl. Spotaí ar an taobh.

An Díthreabhach agus Scéalta Eile as ‘Comhar’ (ar athláimh)

Eoghan Ó hAnluain a roghnaigh. Mercier, 1977. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Irisleabhar Phríosúin Sheáin Mhistéil – Cuid a I (ar athláimh)

nó Cúig Bhliana i bPriosúnaibh na Breataine. M. H. Mac an Ghoill agus a Mhac. 1910. Iar na chur i nGaedhilg do Eoghan Ó Neachtain. Clúdach crua, dath an clúdaigh ídithe. Ruachan chun tosaigh agus ar cúl. Dath dorcha ar na leathanaigh.

Report of the Irish Boundary Commission. (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúach beagáinín caite, smál air. Dhá léarscáil mhóra leis, iad ann ina n-iomlán. Ruachan ar an leathanach ceangail ar cúl. Irish University Press, 1969.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil