Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Deora Áthais agus Dréachta Eile (ar athláimh)

Shán Ó Cuív. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936. Clúdach leathchrua, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach agus an taobh, spotaí ar an taobh chomh maith. Téip ar an droim. Breacphictiúir ar chúl, nótaí beaga ar cúpla leathanach i bpeann luaidhe.

Tús agus Fás Óglách na hÉireann 1913-1917 (ar athláimh)

Muiris Ó Mórdha. Aistrithe ag Liam Ó Rinn. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe agus marcanna air, agus dorchú/spotaí ar na leathanaigh.

Casement’s Last Adventure (ar athláimh)

Robert Monteith. Foreword by Franz von Papen. Michael F Moynihan, 1953. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach stróicthe in áiteanna agus smál air. Spotaí ar an taobh.. Bloc téacs an-ghlan.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

Ár n-Athair (ar athláimh)

An tAthair Eláir. Oifig an tSoláthair, 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál/marcanna ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

An tAmhrán Macarónach (ar athláimh)

Diarmaid Ó Muirithe. An Clóchomhar Tta, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus roic ar an droim. Spotaí ar an taobh.

An leaba a d’imigh HÚIS agus a Chaill Féasóg (marc ar an gclúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Smál ar an gclúdach agus marc donn ar clé. Na leathanaigh an-ghlan. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965. Lándaite.

Go Meiriceá Siar (ar athláimh)

Stiofán Ó hAnnracháin. An Clóchomhar Teoranta, 1979. Clúdach crua le forchlúdach, clúdach caite agus dath an fhorchlúdaigh ídithe. Clúdach crua i riocht maith, bloc téacs glan.

An tAmhrán Éireannach (i gCuimhne Bobby Sands) (ar athláimh)

Guiseppe Conte. Leagan Gaeilge le Pádraig Ó Snodaigh. Coiscéim, 1991. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Smál beag in áiteanna ar an gclúdach.

The Formation of the Irish Economy (ar athláimh)

The Thomas Davis Lectures. Curtha in eagar ag L.M. Cullen. The Mercier Press, 1976. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Sinne a Phobal (ar athláimh)

Téacs Vatacáin II ar na Tuataí. Aistrithe ag Dáithí Ó Ceallaigh. An chéad chló, 2000. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, píosa deannaigh air. Na leathanaigh an-ghlan.

Pól Aspal – Litreacha Naomh Pól [1977] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus sna cúinní. An bloc téacs i riocht an-mhaith.

Tar Éis Mo Bháis (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1978. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach plaisteach, agus é rocach ar chúl. Na leathanaigh an-ghlan.

A’ Càradh an Rathaid (ar athláimh)

Maoilios M. Caimbeul. Leaganacha Gaeilge le Liam Prút. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Seán T. II (ar athláimh)

Scéal a bheatha ó 1916 go 1923 inste ag Seán T. Ó Ceallaigh in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn. 1972. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach beagáinín caite.

Lámhleabhar Bia agus Dí (ar athláimh)

A Simple Guide to the Use of the Irish in the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1999. Riocht an-mhaith.

Kings in Conflict – Ireland in the 1690s (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Clúdach bog. 1990. Ulster Museum. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le gur féidir leis na leabhair ar fad sa chnuasach baile nua a aimsiú le…

Denis Ireland (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Coiscéim, 2000. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar an chlúdach.

Mar Mhaireas É II 1917-1919 (ar athláimh)

Peadar Ó hAnnracháin. Clúdach crua, forchlúdach leis, smál ar an bhforchlúdach. 1955. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Neart gearthóga nuachtán ann.

Stair na hEorpa I (ar athláimh)

Seán A. Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, 1969. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú air in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil