Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Na cúinní beagáinín caite agus smál ar an chlúdach.

Cití – Dráma Trí Ghníomh (ar athláimh)

Siobhán Ní Shuilleabháin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an chlúdach, spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Everybody’s Pocket Companion (ar athláimh)

Compiled by A. Mercer. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Clúdach caite. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Sgéal “Seandúin” (ar athláimh)

Na Fíníní i gCorcaigh. Brún agus Ó Nualáin Teor., 1920. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní/imill caite. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

Proceedings of the Royal Irish Academy Volume Volume 61, Section C, No. 1. 1960 (ar athláimh)

Leabhrán, riocht an-mhaith. Brian Ó Cuív – A contemporary account in Irish of a nineteenth century tithe affray.

Seán Ó Riada – A Shaol agus a Shaothar (ar athláimh)

Tomás Ó Canainn, Gearóid Mac an Bhua. Gartan, 1993. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Radio Radio (ar athláimh)

The Story of Independent, Local, Community and Pirate Radio in Ireland. Borderline Publications, 1981. Sínithe ag an t-údar, don iar-uinéir. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an chlúdach.

Lines of Most Resistance (ar athláimh)

The Lords, The Tories and Ireland 1886 – 1914. Edward Pearce. Little, Brown and Co., 1999. Clúdach crua, le forchlúdach, riocht an-mhaith.

Ceacht an Éin (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirtín Ó Direáin. Smál ar an bhforchlúdach, an clúdach crua agus an bloc téacs i riocht maith.

Léachtaí Uí Chadhain 1 (1980-1988) (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta 1989. Riocht an-mhaith.

Maidhc sa Danmhairg [crua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Dorchú ar an droim, cúpla smál beag ar an chlúdach. Cúinní beagán brúite. Bloc téacs an-ghlan.

In Aimsir Emmet (ar athláimh)

Colm Ó Gaora a d’aistrigh. Séamus Ó Murchadha a scríobh faoin teideal ‘In Emmet’s Days’. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua gan fhorchlúdach, smál beag ar an gclúdach, ruachan ar an imeall agus ar chuid de na leathanaigh.

Cuaicín Draoidheachta (ar athláimh)

Tomás Ó Rathaille. Clúdach bog. 1928. Dánta nua i gcóir scoileanna agus coláistí. Clúdach caite, stróicthe beagáinín.

Penrose Glass (ar athláimh)

National Museum of Ireland, 1989. Mairead Dunlevy. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Mé Féin is m’Asal (ar athláimh)

Le Robert Louis Stevenson. Seán Ó Ruadháin do chuir Gaedhilg air. Muinntir Chathaill, Teo., 1937. Dorchú ar na leathanaigh. Ruachan ar imeall na leathanach agus ar an leatheanach teidil agus leath-teidil. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Go mBeannuightear Dhuit – i. eachtra thar eachtraibh (ar athláimh)

Clúdach crua, ceangail ag streachailt i ndiaidh an leathanach teidil agus an-tirim. Dath dorcha ar chiumhais na leathanach. Nótaí istigh.

Dánta Meán-Teastais 1956-57 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin. Comlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach agus beagáinín deannaigh air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Denis Ireland (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Coiscéim, 2000. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar an chlúdach.

There Are No Evil Men …. (ar athláimh)

A fresh look at the Irish question and a suggested way forward. A viewpoint from within the New Ireland Movement. Andy Conway, 1972. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh.

Aesop a Tháinig go h-Éirinn I-V (ar athláimh)

An tAth. Peadar Ó Laoghaire. Brún agus Ó Nualláin, Teór. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Meirg ar na stáplaí. Smáil ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs dorcha ach glan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil