Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Súil Timpeall (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1951. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus deannach ar an chlúdach, na cúinní beagáinín lúbtha. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Éigse Nua-Ghaedhilge Cuid a hAon 1600-1700 (ar athláimh)

Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht maith go leor. Spota dúiche ar an imeall. An clúdach crua beagán caite ar an imeall.

Duanaire Nuafhilíochta (ar athláimh)

Frank O’Brien. An Clóchomhar Teo., 1969. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe ar an droim agus dorchú ar an taobh agus ar na leathanaigh . Ainm an iar-úinéir scríofa ar an leathanach cheangail.

Ireland To-Day Vol.III No.I (ar athláimh)

January 1938. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Smáil agus ruachan ar an chlúdach, agus dorchú air. Droim rocach agus cúinní lúbtha. Ruachan ar cúpla leathanach.

All Ireland (ar athláimh)

Stephen Rynne. B.T. Batsford Ltd., 1956. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma agus imill ídithe, smáil air. Na cúinní caite. Spotaí ar an taobh. Píosa meirge ar leathanach amháin, ach bloc téacs glan seachas sin.

Aisling Cois Mara – Dráma aonmhíre le haghaidh garsún (ar athláimh)

Annraoi Saidléar do cheap. Leabhrán beag. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Oifig an tSoláthair.

The Irish Sketch Book 1842 (ar athláimh)

William Makepeace Thackeray. The Blackstaff Press, 1985. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Penrose Glass (ar athláimh)

National Museum of Ireland, 1989. Mairead Dunlevy. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Uisce Báis agus Beatha (ar athláimh)

Lorcán ó Treasaigh. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An chéad chló, 1975. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Roinnt marcanna ar an chlúdach agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an t-údar.

Scríbhinní Pádraig Mac Piarais – Gaelic Writings (ar athláimh)

Crua, Maunsel agus Roberts Teo. Riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, poll sa droim agus an droim stróicthe ar bun. Dath ídithe in áiteanna. Píosa ruachain ar na leathanaigh, agus na leathanaigh gearrtha go garbh.

Lug – Eagrán 1 Earrach 1972 (ar athláimh)

Iris liteartha. Clúdach bog. Ruachan ar na leathanaigh. Spotaí ar an gclúdach, meirg ar na stáplaí.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Má Nuad (ar athláimh)

Tomás Ó Fiaich. An Sagart, Má Nuad, 1972. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, smál ar an chlúdach agus an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Eireaball Spideoige [1979] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1979. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Scáthanna (ar athláimh)

Cathal Ó Háinle. Coiscéim, 2009. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Leabhar Sheáin Uí Thuama (ar athláimh)

Louis de Paor. Coiscéim, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Athchnuasach dánta le Seán Ó Tuama.

Mil na hÉigse (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghludha. Brún agus Ó Nualláin Teor., 1945. Clúdach crua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, cúpla marc beag air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Dieci Secoli di Pittura Italiana – Il Secolo XIV (ar athláimh)

Testo di A.M. Francini Ciarnfi. Edizioni d’Arte Amilcare Pizzi, Milano, 1953. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe beagáinín ar an droim. Cúinní caite agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Jemmy Hope – An Chéad Sóisealaí Éireannach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Proinsias Mac an Bheatha. An chéad chló 1985. Peadar O’Donnell a scríobh an brollach. Riocht maith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil