Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Dánta Ardteistiméarachta 1968-69 (ar athláimh)

Leabhar bog. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an gclúdach.

An Bhratach (ar athláimh)

Máire. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Imeall an chlúdaigh caite, cúinní caite, bun an droma caite. Smáil ar an chlúdach agus taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Fear an Tae (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Cois Life, 1999. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Scríbhinní Pádraig Mac Piarais – Gaelic Writings (ar athláimh)

Crua, Maunsel agus Roberts Teo. Riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, poll sa droim agus an droim stróicthe ar bun. Dath ídithe in áiteanna. Píosa ruachain ar na leathanaigh, agus na leathanaigh gearrtha go garbh.

Conarthaí ag bunú gComhphobal Eorpach 1973 (ar athláimh)

Clúdach crua. Spotaí péinte ar an gclúdach. Stampa an iar-úinéara leis. Riocht an-mhaith san iomlán, smál air in áiteanna.

Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach [1978] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. Foilsithe ag Na Comhphobail Eorpacha.

Basic Irish for Shopping / BunGhaeilge don Siopa (ar athláimh)

Leabhrán stór focal, riocht an-mhaith, cúpla cóip againn. D’fhéadfadh smál a bheith ar na stáplaí/ar an gclúdach.

Irish Spelling – A Lecture (ar athláimh)

Osborn Bergin, Brún agus Ó Nualláin Tta, 1911. Leabhrán. Riocht maith go leor, dath ídithe agus dorchú ar an imeall agus an clúdach stróicthe in áiteanna. Bloc téacs i riocht an-mhaith.

The Celts (ar athláimh)

Joseph Raftery. Mercier Press. Clúdach bog, spotaí agus marcanna ar an gclúdach.

Labour and Partition – The Belfast Working Class 1905-23 (ar athláimh)

Austen Morgan. Pluto Press, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar an taobh.

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-aghaidh Árd-Rang na mBun-Sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí.

Caitheamh Aimsire ar Thórraimh [Cóip A] (ar athláimh)

Seán Ó Súilleabháin. An Clóchomhar tta., 1961. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht iontach. Cúpla spota ar an taobh.

Bligeard Sráide (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 1983. Líníocht le Michael Mulcahy. Clúdach bog, riocht maith, smál beag ar an gclúdach.

Women in Irish Society – the historical dimension (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Margaret Mac Curtain agus Donncha Ó Corráin. Arlen House, 1978. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, píosa scríbhneoireacht air chomh maith, agus ar chúl. Na leathanaigh gearrtha go garbh, cuid dóibh ceangailte le chéile ar barr.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

An Fhiannuidheacht (ar athláimh)

Cormac Ó Cadhlaigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1937. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus smál air. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Stampaí iar-leabharlainne taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh agus píosa ruachan ar chuid dóibh.

Ór Inis Tor (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach, cúpla spota ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Commando [1938] (ar athláimh)

An chéad chló, 1938, clúdach crua. Niall Ó Domhnaill a d’aistrigh go Gaeilge. Deneys Reitz a scríobh. Stampa an iar-úinéara air. Smál ar an gclúdach crua. Spotaí ar an imeall. Níl forchlúdach leis. Oifig an tSoláthair,

Deoraidheacht (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Marc ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis.

Maamtrasna – The Murders And The Mystery (ar athláimh)

Jarlath Waldron. Edmund Burke Publisher, 1992. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil