Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Reading in the Dark (ar athláimh)

Seamus Deane. Vintage, 1997. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar chúl.

Build the Third Republic (ar athláimh)

Desmond Fennell. Foilseacháin Mhaoinse, 1972. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál/ruachan ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar chúl agus ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Duanaire Nuafhilíochta (ar athláimh)

Frank O’Brien a chnuasaigh. An Clóchomhar Teoranta. 1969. Clúdach bog, riocht maith.

Sraith Lorcáin – Leabhar a h-Aon (ar athláimh)

Preas Dun Dealgan. Leabhrán bog, riocht cuibheasach caite. Clúdach caite agus smál air. Píosa scríbhneoireachta ar chúl. Ainm an iar-úinéara taobh istigh, smál ar na leathanaigh.

Muinntir an Oileáin [1935] (ar athláimh)

Clúdach crua, ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangail. Seosamh Mac Grianna a d’aistrigh go Gaeilge, Peadar O’Donnell a scríobh. Oifig Díollta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

The Model Grammar and Composition for Senior Classes (ar athláimh)

The Educational Company. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

Críost Mac Dé (cuid a trí) – Peadar Ua Laoghaire (ar athláimh)

1925, foilsithe i ndiaidh bhás an Athair Peadar. Brún agus Ó Nualláin. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

Gerald Goldberg: A Tribute (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Dermot Keogh agus Diarmuid Whelan. Mercier Press, 2008. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Cama-Shiúlta (ar athláimh)

Seán Ó hÉigeartaigh. An Clóchomhar Tta., 1964. Clúdach crua, gan forchlúdach. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air, na himill beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan, dorchú ar na leathanaigh.

Migmars (ar athláimh)

Gabriel Rosenstock. Ababúna, 1985. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Smál beag ar an gclúdach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

Nuafhilí 1942-1952 (ar athláimh)

Séamas Ó Céileachair a chuir in eagar. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite, dath ídithe air. Clúdach crua agus bloc téacs glan. Oifig an tSoláthair, athcló 1969.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

The Life and Death of Lord Edward Fitzgerald (ar athláimh)

Thomas Moore. R. & T. Washbourne, Ltd. Clúdach bog, riocht caite. Droim imithe, fuáil le feiceáil. Clúdach nach mór éalaithe. Smál ar an chlúdach, dath ídithe chomh maith.

Great Britain and the Holy See 1746-1870 (ar athláimh)

Matthias Buschkühl. Irish Academic Press, 1982. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith.

An Dílí (ar athláimh)

Aindrias O Baoighill (eagrán scoile). Clúdach bog. Nótaí scríofa ann le peann; cúpla leathanach ag an deireadh sa chló Rómhánach, an chuid eile sa chló Gaelach. Inscríbhinn le hainm agus iarsheoladh an iar-úinéara.

Iníon Rí Dhún Sobhairce (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil