Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Saoirse gan Só (ar athláimh)

Seán de Fréine. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Eagrán an Chlub Leabhar, an chéad chló 1960. Clúdach crua, an íomhá clóite ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis. Riocht an-mhaith.

Mac an tSagairt (ar athláimh)

Micheál Ó Conghaile. Cló-Iar Chonnachta, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, smál beag ar chúl.

An Uain Bheo [1968] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Dialann Oilithrigh (ar athláimh)

Nó Cuntas an Fhile air Féin. Donnchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, an chéad cló 1953. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus clúdach. Cúinní caite agus marcanna ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir taobh istigh agus dorchú ar na leathanaigh.

Léas Ar Ár Litríocht (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1974. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Forchlúdach caite, stróicthe ar chúl agus smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Tír na Deó [an chéad chló, 1938] (ar athláimh)

Faraor géar, bhí cur síos fada scríofa againn ar an gceann seo agus theip ar an gcóras sábhála! Mar achoimre: Tá formhór na bpictiúr imithe ildaite imithe nó damáistithe. Tá an-chuid breacphictiúr déanta ag iar-shealbhóirí an leabhair seo, rudaí daite isteach, ainmneacha scríofa ar na leathanaigh, agus araile. Cóip léitheoireachta. Clúdach crua. Níl forchlúdach leis.…

Hidden Ulster [1977] The Other Hidden Ireland (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Clódhanna Teoranta, 1977. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál beag ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

What Will I Be? (ar athláimh)

Jane Claire agus Madeleine Keane. Marino Books, 1995. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus roinnt deannaigh ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Dublin Historical Record Vol.XXIII (ar athláimh)

December 1969. Published Quarterly by the Old Dublin Society. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Gnéithe den Ghorta (ar athláimh)

Cathal Póirtéir a chur in eagar. Coiscéim, An Chéad Chló 1995. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Nóta dea-ghuí ón eagarthóir don iar-úinéar laistigh.

Dánta Meán Teistinméireachta 1964-65 (ar athláimh)

M. Ó hAnnracháin. Ó Fallúin, 1964. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, cúpla roc air agus cúinní lúbtha. Cúpla spota ar imeall roinnt leathanaigh, ach bloc téacs an-ghlan go ginearálta.

The Scandinavian Kingdom of Dublin (ar athláimh)

Charles Haliday. Introduction by Breandán Ó Ríordáin. Irish University Press, 1969. Facsimile of the second edition (1884). Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an bhforchlúdach agus an taobh. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

The Victory of Sinn Féin (ar athláimh)

The Talbot Press. Riocht cuibheasach caite. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe. An droim ag éalú ón bhfuál agus dorchú ar na leathanaigh.

Eriugenia – An Introduction (ar athláimh)

Original Writing, 2015. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Ceo Meala Lá Seaca (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leathchrua, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus roinnt smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Cruithneacht is Ceannabháin (ar athláimh)

Clúdach crua, Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach leath-teidil. Riocht maith. Nótai ar chuid de na leathanaigh, scríofa le peann luaidhe.

Ealaí na Cócaireachta (ar athláimh)

Nóra Breathnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. Clúdach crua, gan fhorchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Made Easy – Second Edition (ar athláimh)

The Eirish Society. Browne & Nolan. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, imeall amháin lúbtha beagáinín. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Two Godfathers of Revisionism (ar athláimh)

1916 in the Revisionist Canon. Pádraigh Ó Snodaigh. Fulcrum Press, 1991. Leabhrán bog. Smál ar an chlúdach, dath ídithe. Stróicthe sa chúinne ar barr beagáinín.

Cnámha sgéal na nUghdar (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. An Press Náisiúnta. Liam Ó Riain. Riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil