Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Dánta Meán-teistiméarachta maraon le nótaí, míniú, agus faisnéis ar na filí (ar athláimh)

Clúdach bog, clúdaithe le páipéar donn. Beagán ruachain. Meirg bheag ar na stáplaí. Tá na leathanaigh glan

Iníon an Iarthair (gan chlúdach) (ar athláimh)

Cathal Ó Sándair, an chéad chló 1952. Gan chlúdach. Ruachan ar an leathanach teidil.

The Secret Societies of Ireland (ar athláimh)

Their Rise and Progress. Captain H. B. C. Pollard. Phillip Allan & Co., 1922. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál ar an chlúdach agus dath an chlúdaigh ídithe beagáinín in áiteanna. Spotaí ar an taobh agus leathanaigh cheangail. Bloc téacs glan.

Dublin Burning (ar athláimh)

The Easter Rising from Behind the Barricades. W.J. Brennan-Whitmore. Gill & Macmillan, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An leaba a d’imigh HÚIS agus a Chaill Féasóg (ar athláimh)

Clúdach crua. Níl forchlúdach leis. An-smál ar an gclúdach. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Béasa an Túir (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar 1984. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Bullaí Mhártain (ar athláimh)

Síle Ní Chéileachair & Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, An chéad chló 1955. Riocht cuibheasach maith. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Mac an Easpaig (ar athláimh)

Liam Mac Uistin. An Clóchomhar Teo., 1998. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Seo Apartheid – Trácht agus Pictiúir (ar athláimh)

An Coiste idirnáisiúnta le haghaidh cosanta agus cabhrach do dheisceart na hAfraice. Clúdach bog. Clúdach beagainín caite, riocht maith san iomlán.

Cluan Chiarain – The City of Ciaran (ar athláimh)

John Corkery, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Na leathanaigh dorcha ach glan.

An Lomnochtán (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Mercier, 1977. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Linda (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Aistrithe agus curtha in eagar ag Rosangela Barone. Mobydick, 1997. Leabhán bog, i riocht an-mhaith.

Gearrcaigh na hOíche (ar athláimh)

Seán Mac Fheorais. Foilseacháin na Scol Aonach Urmhumhan, an chéad chló 1954. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Deannach agus smál ar an bhforchlúdach, caite beagáinín ar an imeall. Ainm an iar-úinéara taobh istigh agus dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Farraigí Corracha (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis agus leath-fhorchlúdach breise sa mhullach air sin. Smál ar na forchlúdaigh. An leabhar féin agus an clúdach crua i riocht an-mhaith. FNT, 1971. Liam Mac Reachtain. Karl Uhlemann a rinne na léaráidí.

Dánta 1939-1979 (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., 1980. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht cuibheasach maith. Forchlúdach caite, smál air & dath ídithe. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, bloc téacs an-ghlan.

Tonn Tuile [1947, bog] (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1947. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, caite beagáinín ar barr. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Scríobh 2 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Scéalaíocht na Ríthe [bog, 1956] (ar athláimh)

An chéad chló, clúdach bog. Lúbtha beagáinín. Téacs agus imill an-glan. Smál beag ar an gclúdach. Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana. Micheál Mac Liammóir do mhaisigh.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil