Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Approach to Christian Sculpture (ar athláimh)

Dom Hubert Van Zeller. Sheed & Ward, 1960. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma ídithe agus smál ar an chlúdach chúil. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Poetry Ireland Review Issue Number 31 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Máire Mhac an tSaoi. Winter-Spring 1991. Cleudach bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach.

An Mhaighdean Ghlórmhar (ar athláimh)

An tAthair Conn Ó Mongáin. M. H. Mac Goill & a Mhac, Teor., 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní brúite. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Iomrall (ar athláimh)

Iarla Mac Aodha Bhuí. Coiscéim, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Seans Eile (ar athláimh)

Pádraig Uiséir. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an droim agus clúdach, smál agus breacphictiúir ar an chlúdach chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Lebor na hUidre – Book of the Dun Cow (ar athláimh)

Curtha in eagar ag R.I. Best agus Osborn Bergin. Royal Irish Academy, 1929. Leabhar crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúinní an droim lúbtha. Dorchú ar na leathanaigh cheangail agus an taobh.

Garret’s Bloodshed Scenario 77 (ar athláimh)

Derry Kelleher. Justice Books. Leabhrán bog, riocht maith. Marc ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta Meán-Teastais 1953-54 (ar athláimh)

Aindrias Ó Muimhneacháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta., 1953. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus dorchú ar an imeall. Roinnt roic/smál ar an chlúdach chomh maith. Droim stróicthe ar barr agus ar bun. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

Squaring With Reality (ar athláimh)

A Socialist View of the Nationalisties Questions. Antóin Ó Muircheartaigh. The Fulcrum Press. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus ruachan ar an chlúdach.

Béasa an Túir (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar 1984. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Ridire Dubh (ar athláimh)

Cosslett Ó Cuinn a chuir Gaeilge ar Peores que Lobos, a scríobh Frederico Mediante Noceda. Coiscéim, An Chéad Chló, 1993. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Cúpla spota bána ar an gclúdach, ar a bhfuil an cúinne íochtarach brúite. Imeall íochtarach brúite beagáinín. Smál agus an dath ídithe ar imeall na leathanach.

Lectures on Faith & Fatherland by the Very Rev. Thomas N. Burke, O.P. (ar athláimh)

Burns Oates & Washbourne Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar na leathanaigh agus an taobh, droim rocach. Dath an droma ídithe.

Dánta Meán-teastais 1964-1965 (ar athláimh)

Leabhar bog, meirg ar na stáplaí, clúdaithe le páipéar donn. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh.

Scéal Ghael-Linn (ar athláimh)

Mairéad Ní Chinnéide. Cló-Iar Chonnachta, 2013. Clúdach crua le forchlúdach, riocht iontach. Sínithe ag an údar.

Ó Ros Muc go Rostov (ar athláimh)

Críostóir Mac Aonghusa, An Clóchomhar Tta, 1972. 188 lth. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforclúdach, smál ar taobh na leathanaigh. Riocht an-mhaith.

Basic Irish for Shopping / BunGhaeilge don Siopa (ar athláimh)

Leabhrán stór focal, riocht an-mhaith, cúpla cóip againn. D’fhéadfadh smál a bheith ar na stáplaí/ar an gclúdach.

The King’s War 1641-1647 (ar athláimh)

The Great Rebellion. C.V. Wedgwood. Collins The Fontana Library, 1958. Clúdach bog, riocht maith.

An Rí gan Choróin (ar athláimh)

Ríonach Uí Ógáin, An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1984. Clúdach bog le cúpla smál. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Translittérature – Hiver 2013 (ar athláimh)

Côte à côte: Les métamorphoses de Kafka. Ils traduisent, ils écrivent: Entretien avec Diane Meur. Geimhreadh 2013, Uimh. 44. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Scéal an Oireachtais 1897 – 1924 (ar athláimh)

Donncha Ó Súilleabháin. An Clóchomhar Tta., 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil