Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Ó Chamhaoir go Clap-Sholas (ar athláimh)

Tráchtais, Caidearnacha agus Ráidhseaftaí le Seaghán Mhac Meanman. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1940. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. An dath ídithe ar an gclúdach, smál go forleathan ann, go háirithe ar chúl agus ar an droim. Poll beag bídeach sa droim, atá fós ceangailte go láidir leis an leabhar féin. Dorchú agus…

The Gems She Wore – A Book of Irish Places (ar athláimh)

James Plunkett. Arrow Books, 1978. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Roic agus smál ar an chlúdach, an dath ídithe in áiteanna. Smál ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh, ach iad glan seachas nóta ar an leathanach cheangal. Smál uisce taobh istigh.

Transverse II Séamus Heaney in Translation (ar athláimh)

Cumann Aistritheoirí na hÉireann. Curtha in eagar ag Hans-Christian Oeser. An Chéad Chló, 1994. Clúdach bog, i riocht maith. Smál ar an gclúdach ar chúl.

For A Celtic Future – A Tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League, gan dáta. Clúdach bog i riocht maith. Smál agus dath ídithe ar an gclúdach, agus an droim rocach.

Muinntir an Oileáin [1935] (ar athláimh)

Clúdach crua, ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangail. Seosamh Mac Grianna a d’aistrigh go Gaeilge, Peadar O’Donnell a scríobh. Oifig Díollta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Ag Scaoileadh Sceoil (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1962. Clúdach crua, riocht maith. Forchlúdach leis, caite ar an imeall agus smál air. Clúdach crua féin i riocht an-mhaith. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

Top of the Form (ar athláimh)

Questions compiled from the BBC Feature Programme. Tom Williams. Johnson Publications Ltd., 1963. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Na cúinní beagáinín lúbtha. Cúpla smál taobh istigh. Meirg ar na stáplaí.

Lios an Óir – dráma dhá mhír do pháistí (ar athláimh)

Leabhrán bídeach tanaí 11.5 x 8.5cm. Ruachan ar an imeall, meirg ar na stáplaí. Clúdaithe le páipéar donn.

Kevin Barry (ar athláimh)

Seán Cronin. Cló Saoirse, 2001. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú agus smál ar an chlúdach.

Galvia (ar athláimh)

Irisleabhar Chumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe. Imleabhar X, 1964-65. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh ach na leathanaigh an-ghlan.

Nua-Dhuanaire – Cuid I (ar athláimh)

Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Neart nótaí ar chuid de na dánta amhail is gur leabhar é a d’úsáid neach léinn. Riocht cuibheasach maith.

The World of Daniel O’Connell (ar athláimh)

Donal McCartney. The Mercier Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air agus lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

El Corderito (ar athláimh)

Saothair Alfonsais Uí Luain (Alfie Lambe) Toscaire Léigiúnach i Meiriceá Theas 1953-1959. Séamas S. de Vál. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2011. Clúdach bog, richt an-mhaith.

Feis Cheoil an Iarthair – 1968 (ar athláimh)

32ú Feis. Leabhrán. Clár na Feise. Riocht maith. Meirg ar na stáplaí.

Stairsheanchas Mhicil Chonraí (ar athláimh)

Clúach crua, forchlúdach leis, riocht maith.

Turas Éireann (ar athláimh)

Lorcán Ó Treasaigh. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Roc agus marc ar an chlúdach.

Conamara Theas – Áit agus Ainm (ar athláimh)

Aistriú Gaeilge a rinne Liam Mac Con Iomaire ar Mapping South Connemara le Tim Robinson. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

An Bláithfhleasc Bheag (ar athláimh)

M. Ní Áinle do chruinnigh. Díoghluim d’filidheacht shimplidhe nua-Ghaedhilge. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teór., gan dáta. Clúdach bog, i riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus dorchú ar na leathanaigh laistigh. Bloc téacs an-ghlan ar fad. Sa tSeanchló.

Jeaicín File (ar athláimh)

S.E. Ó Cearbhall. Clúdach bog. Coiscéim a d’fhoilsigh. Riocht an-mhaith.

Translittérature – Eté 2013 (ar athláimh)

Samhradh 2013, Uimh. 45. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil