Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Go Maire Tú an Céad (ar athláimh)

Ag Coimeád an Dochtúra ón Doras sa Chéad seo Romhainn. Matt Hussey. Coiscéim, 2003. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Parnell – the Politics of Power (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Donal McCartney. Wolfhound Press, 1991. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Léachtaí Uí Chadhain 1 (1980-1988) (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta 1989. Riocht an-mhaith.

Cré na Cille [1996] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1996. Clúdach bog. Geall le bheith nua.

An Ghrian agus An Ghealach (ar athláimh)

Tús na Suime 9. C. S. Ó Fallúin, Teo., 1971. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál air agus ar na leathanaigh, spotaí ar cuid dóibh chomh maith. Dath ídithe.

Safari (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Seán Ó Ríordáin agus ‘An Striapach Allúrach’ (ar athláimh)

Eibhlín Nic Ghearailt. An Clóchomhar Tta., 1988. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach. Cúinne amháin beagáinín lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Big Maggie (ar athláimh)

John B. Keane. Mercier Press, 1969. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Introduction to Studies in Modern Irish (ar athláimh)

A Handbook for Teachers and Beginners. Rev Gerald O’Nolan. The Educational Company of Ireland, 1921. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, caite beagáinín ar an imeall. Dorchú ar na leathanaigh ach an bloc téacs an-ghlan.

An Druma Mór (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Oifig an tSoláthair. An Chéad Cló, 1969. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

The Science of Home Life: A Text-Book of Domestic Economy (ar athláimh)

Royal School Series. W. Jerome Harrison. T. Nelson and Sons, 1890. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

The History of Mexico – An Introduction (ar athláimh)

Banamex Cultural Foundation, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an droim, smáil ar an chlúdach. An-ghlan taobh istigh.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Oifig an tSoláthair, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Corpus Iuris Hibernici Vol.II (ar athláimh)

Ad Fidem Codicum Manusciptorum Recognovit. D. A. Binchy. Tomus Secundus. Intitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978. Clúdach crua, riocht iontach. Cúpla marc beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Ireland and the First World War [bog, 1986] (ar athláimh)

Trinity History Workshop, 1986. Riocht an-mhaith.

Fá Sgáth Shléibh’ Eachtgha [1932] (ar athláimh)

Micheál Ó Conaill a scríobh. Muinntir Chathail, 1932. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Dath an droma ídithe. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, ruachan ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh. Cúpla nóta ar leathanaigh, i bpeann luaidhe.

New Ireland Forum Report (ar athláimh)

2nd May 1984. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus spotaí ar an chlúdach agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Éigse an Cheoil (ar athláimh)

An Roinn OIdeachais, An Chéad Chló 1975. Clúdach bog, i riocht cuibheasach. Smál agus ruachan ar chuid desna leathanaigh. Meirg ar na stáplaí.

Éigse: A Journal of Irish Studies Volume VIII Part III (ar athláimh)

Volume VIII: Part III. Curtha in eagar ag Gerard Murphy. Geimhreadh 1956 (1957). National University of Ireland. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Simple Lessons in Irish Cuid a hAon (ar athláimh)

Eugene O’Growney. Cuid 1, Gaelic League Series, 1929. Simple Lessons in Irish Giving the Pronunciation of Each Word. Leabhrán bog i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil