Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Bookbinding for Librarians (ar athláimh)

Eric A. Clough. Association of Assistant Librarians, 1957. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. I riocht maith. Smál ar an gclúdach. Cóip iar-leabharlainne. Stampaí úsáidte ar an leathanach teidil.

Tús agus Fás Óglaigh na hÉireann (ar athláimh)

An Chornail Muiris Ó Mordha, Liam Ó Rinn a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtas, 1936. Riocht maith go leor. Clúdach crua, smál air. Dorchú ar imeall na leathanaigh. Roinnt nótaí scríofa taobh istigh i bpeann luaidhe. Smál ar na leathanaigh cheangail agus ar cúpla leathanach chomh maith.

Seas Roimhe! (ar athláimh)

Cló Chois Fharraige, Leabhráin Phóca 1. Máirtín Davy. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Meirg ar na stáplaí.

The Silver Arm (ar athláimh)

Jim Fitzpatrick. Butler Sims, 1983. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite.

An Dílí (ar athláimh)

Aindrias O Baoighill (eagrán scoile). Clúdach bog. Nótaí scríofa ann le peann; cúpla leathanach ag an deireadh sa chló Rómhánach, an chuid eile sa chló Gaelach. Inscríbhinn le hainm agus iarsheoladh an iar-úinéara.

Gnéithe den Ghorta (ar athláimh)

Cathal Póirtéir a chur in eagar. Coiscéim, An Chéad Chló 1995. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Nóta dea-ghuí ón eagarthóir don iar-úinéar laistigh.

Gairdín Pharthais agus dánta eile (ar athláimh)

Áine Ní Ghlinn. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air, na cúinní lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhar Leictreachais do Bhuachaillí (ar athláimh)

Pádraig Ó Moghráin. Oifig an tSoláthair, 1944. Sínithe ag an údar don iar-úinéir. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Marcanna/smál ar an chlúdach agus an dath ídithe ar an droim agus an imeall. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh.

Sgéalta Aniar [glan] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Comhlucht Oideachais na hÉireann. Gan dáta. Clúdach bog le dath an droma ídithe. Riocht maith go leor. Bloc téacs glan.

Gerald Goldberg: A Tribute (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Dermot Keogh agus Diarmuid Whelan. Mercier Press, 2008. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Fabiola – Or The Church of The Catacombs [crua, roimh 1902] (ar athláimh)

Clúdach crua. Riocht maith go leor. Imeall an chlúdaigh caite agus smál ar an chlúdach. Ruachan laistigh den chlúdach. Smál ar imeall na leathanaigh. Nótaí ón iar-úinéir scríofa le peann luaidhe. Cardinal Wiseman, Burns & Oats Limited. 324 lth De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta…

Óige an Dearthár .i. Myles na gCopaleen (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, dath an fhorchlúdaigh ídithe. Droim brúite. Cóip iar-leabharlainne. Céad chló, 1973. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Ciarán Ó Nualláin.

Cluain Meala 1916 (ar athláimh)

Clonmel Easter Monday 1966 Celebration. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach, smáil air. Fíorbheagáinín caite ar an imeall. Na leathanaigh glan.

Iomrall (ar athláimh)

Iarla Mac Aodha Bhuí. Coiscéim, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath an droim ídithe.

Gluaiseacht na Gaeilge – Gluaiseacht ar Strae (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Misneach. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Meirg ar na stáplaí, na clúdaigh lúbtha.

Peigí ar ‘Mháire’ (ar athláimh)

Peigí Rose 1992, Coiscéim. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín caite ar an imeall. Sé alt a bhaineann le saothar ‘Mháire’.

Cré na Cille [2007] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 2007. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an bhforchlúdach.

Ireland and the First World War [bog, 1986] (ar athláimh)

Trinity History Workshop, 1986. Riocht an-mhaith.

Conamara Theas – Áit agus Ainm (ar athláimh)

Aistriú Gaeilge a rinne Liam Mac Con Iomaire ar Mapping South Connemara le Tim Robinson. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain, Oifig an tSoláthair, gan dáta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Scríbhneoireacht ar chúl an leabhar. Bloc téacs glan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil