Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Simple Lessons in Irish Cuid a Dó (ar athláimh)

Eugene O’Growney. Cuid 2, Gaelic League Series, 1929. Simple Lessons in Irish Giving the Pronunciation of Each Word. Leabhrán bog i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-ghlan.

Rí na nUile (ar athláimh)

Seán S. Ó Conghaile agus Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1971. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus smál beag air. Na leathanaigh an-ghlan.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta, 1962. An Chéad Cló. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe áit ina raibh leabhar eile ar barr. Cúpla smál beag air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Ó Thuaidh! [crua] (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1983. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Ár i gCor Chomrua (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Móinín, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Feoirlingí Fileata (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1974. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach.

Cogadh na Reann [1934] (ar athláimh)

The War of the Worlds. H.G. Wells do cheap. Leon Ó Broin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus áit a cuireadh deoch sa mhullach air, is cosúil.

Cion Fir (ar athláimh)

Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar. Comhar, 1997. Liam Prút (eag.). Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Coimhthíoch (ar athláimh)

Séamus Mac Conmara. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar chúpla leathanach, go háirithe na leathanaigh ceangail. Síniú an iar-úinéara laistigh. Smál ar imill na leathanach freisin.

Teach an Chrochadóra [1935, le forchlúdach] (ar athláimh)

Hangman’s House, Don Byrne. Seosamh Mac Grianna a d’aistrigh. Clúdach crua le forchlúdach. Beagáinín caite ar an imeall. Spotaí móra ruachain ar an imeall.

Saol na bhFuíoll (ar athláimh)

Seán Ó Leocháin. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach i riocht an-mhaith. Smál ar an gclúdach cúil.

Má Nuad (ar athláimh)

Tomás Ó Fiaich. An Sagart, Má Nuad, 1972. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, smál ar an chlúdach agus an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

An Circín Rua – Dráma do na Sóisir (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál agus roic ar an chlúdach. Smál ar na leathanaigh.

Iníon Rí Dhún Sobhairce (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Caoin Tú Féin [1986, greamán] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, 1986. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál an-bheag agus beagán deannaigh ar an chlúdach, agus greamáin air. Uimhreacha scríofa ar barr roinnt leathanaigh, ach iad an-ghlan seachas sin.

Safari (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Sáirséal agus Dill, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith, smál air agus ainm an iar-úïnéara scríofa taobh istigh.

Plain and Ornamental Lettering (ar athláimh)

Blackie & Son LTD, London and Glasgow. Leabhrán peannaireachta a léiríonn clófhoirne difriúla agus a fhágann spás le hiad a chleachtadh. Ruachan ar chuid de na leathanaigh. Gan dáta.

The Ó Cléirigh Family of Tír Conaill. (ar athláimh)

With the Ó Cléirigh Genealogies. Paul Walsh. 1938. Clúdach bog a théann níos faide ná an bloc téacs. Smál dí dearg ar an gclúdach tosaigh agus cúil. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, bloc téacs an-ghlan.

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Aisteoirí faoi dhá sholas – Dialann Mheánmhara (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, 1956. Clúdach crua, forchlúdach leis. Dath an fhorchlúdaigh ídithe beagáinín, an clúdach crua agus an bloc téacs i riocht maith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil