Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

The Stylized City (ar athláimh)

New and Selected Poems by John F. Deane. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Lasair [1980] (ar athláimh)

Iris Bhunmhachnamh. Uimh.1, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc teacs i riocht iontach.

The Benefits of Bilingualism (ar athláimh)

Wallace E. Lambert & G. Richard Tucker. Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

A Traitor’s Kiss (ar athláimh)

The Life of Richard Brinsley Sheridan. Fintan O’Toole. Granta Books 1997. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht an-mhaith.

An Crann Géagach (ar athláimh)

Aistí agus Mion-Scéalta. Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Legends of Ireland (ar athláimh)

Myths and Legends. Charles-Marie Garner. Aistrithe ag Leslie Vyse. Burke Books, 1975. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach beagáinín caite, cúpla smál air. Beagáinín deannaigh ar an taobh.

Sgéalta Mhuintir Luinigh (ar athláimh)

Éamonn Ó Tuathail. Irish Folklore Institute, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá caite ar an imeall. Droim leochaileach, ag éalú. Na leathanaigh gearrtha go garbh agus smál ar an taobh. Ruachan ar roinnt leathanaigh ach iad ar fad inléite.

Mo Ghaiscíoch, Mícheál (ar athláimh)

Clúdach bog, céad chló 1965, sa chló nua. Cathal Ó Sándair. Leathanaigh ag tús an leabhair a bhfuil marcanna orthu, déanta le peann luaidhe agus peann gorm. Níos lú i dtreo lár agus deireadh an leabhair. Oifig an tSoláthair.

Listen and Learn the Welsh Language – For Use with Special Gramophone Records (ar athláimh)

Leabhar. Níl na vínil leis. An dara eagrán. Clúdach bog, dath an chlúdaigh ídithe. Nótaí scríofa isteach le peann gorm agus dubh in áiteanna (chun tosaigh, den chuid is mó).

Scríobh 2 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Oifig an tSoláthair, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara taobh istigh.

An Fuarán I – An Siopa Gaelach (ar athláimh)

An Siopa Gaolach. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Neart smál air agus meirg ar na stáplaí.

Na Laethe a Bhí (ar athláimh)

Eoghan Ó Domhnaill (Ó Dhonnchaidh) do chuir le chéile. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1953. Tá an t-ughdar buidheach de “Mháire” a chuir bail ar an leabhar seo. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith.Pictiúr d’Eoghan Ó Domhnaill ar an leathanach teidil.

Fenians and Fenianism (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Maurice Harmon, Scepter Books. 1970. Clúdach bog. Droim leochaileach. Smáil ar an gclúdach.

The Amazon Journal of Roger Casement (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Angus Mitchell. The Lilliput Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach. Cúinní roinnt leathanaigh brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

The End of Irish Catholicism? (ar athláimh)

D. Vincent Twomey. Veritas, 2003. Clúdach bog, riocht maith.

Industrial Resources of Ireland (Development of Industrial Society Series) [1971] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leath-trédhearcach leis. Smál beag air sin agus stróiceanna beaga ar an imeall. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Irish University Press, 1971.

The Science of Home Life: A Text-Book of Domestic Economy (ar athláimh)

Royal School Series. W. Jerome Harrison. T. Nelson and Sons, 1890. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Aisteoirí Faoi Dhá Sholas (ar athláimh)

Mícheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, 1956. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúinní an droim lúbtha, cúpla marc beag ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

The Whiley Monitor (ar athláimh)

January 1965. Clúdach bog le clúdach plaisteach breise. Riocht maith. Cúinní beagáinín brúite agus dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil